Radius
Nov 19, 2020

Comhdháil Uí Chadhain 2020 : Ag Céiliúradh an Mhórscríbhneora

Cuirfear réimse leathan taighde ar shaol agus saothair Uí Chadhain i láthair idir 9.30rn– 4in ar líne.

Ruairí WeinerScríbhneoir Cúnta

Ar 20ú Samhain, beidh comhdháil lae á reáchtáil ag Roinn na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha i gColáiste na Tríonóide. Déanfar ceiliúradh ar shaothair agus saol an scríbhneora mór le rá, Máirtín Ó Cadhain, caoga bliain tar éis a bháis.

Ní chuirfidh an coróinvíreas stop le gníomhaíochtaí na roinne toisc go reáchtálfar an t-imeacht seo ar líne, ag tosú ag 9.30rn. Beidh an t-imeacht seo saor in aisce freisin, agus tá fáilte roimh chách. Beidh an t-imeacht seo insroichte do mhic léinn agus dár ndóigh beidh spéis acu siúd a dhéanann stáidear ar an litríocht, ar an nGaeilge, nó ar stair na fichiú haoise in Éirinn ach go háirithe.

Ba é Máirtín Ó Cadhain ceann de na scríbhneoirí is tábhachtaí i nualitríocht na Gaeilge agus tá a leabhar ‘Cré na Cille’ fós go mór in éileamh ag an lucht liteartha. Tá cliú agus cáil ar an stíl áirithe a bhí ag Ó Cadhain ina chuid scríobhneoireachta agus deirtear go bhfuil spiorad na Gaeltachta agus na Gaeilge léirithe ann. Bhí saol suimiúil aige agus chaith sé tréimhse i ngéibheann mar gheall ar a cheangail leis an I.R.A. Bhíodh sé freisin mar dhuine mórthábhachtach i ngluaiseacht chearta shibhialta na Gaeltachta. Bhí caomhnú na Gaeilge thar a bheith tábhachtach dó, agus d’oibrigh sé mar aistritheoir don státseirbhís.

ADVERTISEMENT

Tá nasc aige leis an Tríonóid freisin – bhí sé ina léachtóir agus mar Cheann Roinne i Scoil na Gaeilge sa choláiste. Níos déanaí, ceapadh é mar ollamh ollscoile agus toghadh ina chomhalta é i mbliain a bháis chomh maith. Beidh aithne ag mic léinn na Tríonóide ar Léachtlann Uí Chadhain sa bhloc ealaíona, a ainmníodh ina dhiaidh.

Tosóidh an comhdháil le fáilte ó Eoin Mac Cárthaigh, ceann Scoil na Gaeilge, agus le seoladh na comhdhála le Seán Ó Cadhain ó Iontaobhas Uí Chadhain.

Beidh réimse leathan taighde nua á chur i láthair ag an gcomhdáil seo. I measc na gcainteoirí agus taighdeoirí ar an lá , Máirín Nic Eoin, Colm Ó Cuaig agus Charles Dillon, Radvan Markus, Máire Ní Annracháin, Ian Ó Caoimh.

Dár ndóigh, beidh chuile pháipéar dírithe ar ghné spéisiúil eile de shaothair Uí Chadhain. I measc na bpáipéar seo, beidh Caitlín Nic Íomhair, iarscoláire Choláiste na Tríonóide atá mar léachtóir in Ollscoil Mhá Nuad anois, ag cur páipéir i láithair faoin teidil ‘Slánú, athdhéanamh agus Sisifeas i luathscéalta Uí Chadhain.’ I dtaca sin, beidh Mícheál Briody ag díriú ar thábhacht pháipéir neamhfhoilsithe Uí Chadhain, go háirithe ar na páipéir phearsanta atá ar fáil i gColáiste na Tríonóide. Beidh an scríbhneoir agus aistritheoir Alan Titley i láthair freisin, ag labhairt ar “an dúshlán aistriúcháin” i leith oibre Uí Chadhain.

Ag deireadh an lae, seolfaidh Gearóid Denvir an leabhar Cumadóireacht Uí Chadhain atá curtha in eagar ag Mícheál Briody agus Máirín Nic Eoin.

Is féidir gach cuid eolais a fháil agus clárú don imeacht ag an nasc seo.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.