In Focus
Nov 10, 2020

Cruachás Cruathaitheachta: Triúir Ceoltóirí Triú Leibhéal ar Thaithí na Paindéime

Pléann ceoltóirí tríú leibhéal conas a chuadar i dtaithí ar an bpaindéim.

Aoibh Ní ChroimínScríbhneoir Cúnta

Le ceolchoirmeacha i measc na gcéad rudaí a cuireadh ar ceal ag tús na paindéime, is iomaí deacracht ar gá do lucht an cheoil agus na ngníomh-ealaíon dul i ngleic leo i láthair na huaire.

Tá amhránaithe agus scríobhneoirí ar nós Eve Belle, a chríochnaigh a céim i gColáiste na Tríonóide an bhliain seo, Ronan Friel, atá sa cheathrú bliain i gColáiste na Tríonóide, agus Isibéal, atá sa dara bliain den chúrsa múinteoireachta bunscoile trí Ghaeilge i gColáiste Marino, i measc na gceoltóirí ag plé le réaltacht nua, ach é á úsáid mar dheis chruthaitheach chomh maith.

Cé go bhfuil pleananna éagsúla fógartha ag an rialtas mar thacaíocht dos na healaíona, ciste €20 milliún ina measc, is léir gur sop in áit scuaibe é seo chun teacht i gcabhair ar thionscail ina mbíonn roinnt mhaith daoine ag streachailt le coinníollacha éiginnte agus, go minic, míchothroma cheanna féin. Toisc gur obair pháirtaimseartha atá sa cheol go minic, tá roinnt ceoltóirí, mar shampla Friel agus Isibéal, nach raibh cúiteamh ón rialtais ar fáil dóibh, rud a phlé Friel le cairde ceoil ar fud na tíre: “Fuarthas go léir amach an bhealach crua nach raibh obair ar bith ar fáil dúinn don samhradh ar fad, an tamall is gnóthaí sa bhliain.”

ADVERTISEMENT

Mar aon le díláithriú airgid, bhí ceoltóirí ag déileáil le díláithriú sóisialta agus tíreolaíochta in éineacht leis na mílte daoine eile. “Bhí orm filleadh ar ais go Tír Chonaill agus mo chéim a chríochnú as an tí,” a mhíníonn Eve Belle. “Mar is eol do chách, tá an caighdeán idirlíne ansin giota beag ceisteach.”

Tá an triúir atá faoi agallamh ar aon intinn go bhfuil an pobal ceoil mar chuid lárnach den cheol, agus gur buille a bhí ann dóibh a bheith scartha uaidh. “Gach aon seachtain chuaigh mé amach, bhuail mé le daoine nua,” a deir Isibéal, “tá an pobal an-láidir, tá gach éinne chomh chairdiúil”.

“Bhí sé deacair cinnte a bheith scartha ón saol i mBaile Átha Cliath, ó mo chairde agus mo buachaill chéile agus ón gcoláiste”, arsa Eve Belle. “Ach bhí sé i gconaí ar intinn agam go raibh ár sláinte an rud is tábhachta. Ar ámharaí an tsaoil, bhí cuid mhóir tacaíochta ann ó cheoltóirí eile sa cheantar, bhí muid uilig ag dul tríd an rud céanna.” Bhí Friel “suas ar barr na cnoic i dTír Chonaill” ach gan cheoltóirí eile rinne sé agus sheol sé roinnt físeán leis féin ina sheineann sé úirlisí éagsúla chun amhrán a chur le chéile, eachtra “iontach speisialta” dó: “Is modh dochreidte í chun amhrán a tógáil suas píosa in aghaidh píosa. Is breá liom ag seinm le daoine eile níos mó ná aon rud ach is dúshlán maith í nuair a chaithfidh tú a bheith freagrach do gach nóta san amhrán.”

Ní raibh na físeáin mar an t-aon aschur cruthaitheachta a shaothraigh Friel le linn na paindéime. “Rinne mé mo dhícheall mé féin a choinneál gnóthach ‘s spreagtha le cheol,” a deir sé. Thosaigh sé sraith ar Instagram agus é ag seinm amhrán difriúl gach lá thar thréimhse céad lá. Tá neart amhrán scríofa aige agus anois ta sé mar bhall den bhanna nua, Blueberry Rouge, atá tosaithe ag seoladh físeán ar na meáin le déanaí.

Deis cruthaitheachta a bhí sa dianghlasáil do Eve Belle agus Isibéal freisin, cé gur ndeir Eve Belle go raibh sé níos deacra di ag an tús: “Ám aistreach a bhí ann ach ag an ám céanna bhí muid faoi chuid mhór brú a bheith ag déanamh rud éigin úsáideach leis an am.” Nuair a bhí an brú sin imithe bhí sé i bhfad níos fusa di a bheith ag scríobh, agus mar thoradh ar sin tá albam nua cruthaithe aici a bheidh ag teacht amach go luath. “Bhí an t-am an-deas” arsa Isibéal. Tar éis bliana gnóthaí thug an dianghlasáil seans di “suí siar agus scríobh…a bheith ag smaoineamh faoin mbliain agus an taithí a bhí agam.”

Sheol Friel a amhrán Run Away ag tús na paindéime, nuair a bhíomar “go léir greamaithe ar Facebook agus Instagram. Sílim go bhfuair na postanna faoin singil aird maith mar thoradh de sin. Ar an lámh eile ní raibh an ‘buzz’ chéanna ag an amhrán toisc nach raibh mé ábalta aon rud a dhéanamh taobh amuigh de na postanna ar na meáin sóisialta”. Ní raibh sé in ann an singil a sheoladh i Whelan’s mar a bhí pleanáilte. Bhí an taithí measctha céanna sin ag Eve Belle le seoladh a singil Begging for Rain: “Bhí gach duine sa bhaile, bhí níos mó ám acu chun a bheith ag cuartú ceoil nua agus ceapaim gur chuidigh sin liom. Ach ar an taobh eile, ní raibh mé ábalta an amhrán a sheinm beo, nó ceolcoirmeacha a dhéanamh agus bhí sin deacair, agus bhí sin ag obair i mo choinne.”

Tionscnaimh eile ar a chan Eve Belle le linn na paindéime ná Other Voices le RTÉ, agus an singil Dreams a rinne Irish Women in Harmony ar son Safe Ireland. Deir Eve Belle, atá tar éis labhairt go poiblí ar na fadhbanna lena mbíonn mná ag streachailt i dtionscail an cheoil, gur “taithí dochreidte” a bhí sa singil ar son Safe Ireland, “carthanas an-tábhachtach faoi dhéanaí, go háirithe mar gheall ar an méadú ar fhoiréigean theaghlaigh le linn an paindéime.”

Ó shin, tá céimeanna ar ais chun na hoibre tógtha ag na ceoltóirí: deir Isibéal go raibh sé “ar fheabhas ar fad” dul ar ais ag buscáil, cé nach bhfuil an t-airgead céanna ann mar a bhí. Tá ceolchoirm beag nó dhó faighte aici i gcaifé, agus tá ceolchoirmeacha bídeacha tugtha ag Friel ina sheomra leapa. Aontaíonn an triúir gur iontach an rud a bheadh í níos mó ceoil bheo nuair a bheidh sé sábháilte arís, ach tá níos mó tacaíochta de dhíth ó cheoltóirí agus iad ag fanacht d’amanna níos sábháilte chun slua beo a bhailiú. Ba mhaith le Isibéal go mbeidh níos mó tacaíochta ón gColáiste ag ceoltóirí in institiúidí níos lú ar nós Marino, nach bhfuil na cumainn chomh láidir iontu.

Géarchéim ar leibhéal náisiúnta atá i gcás na n-ealaíon mar thoradh ar an bpaindéim, ach ní hionann sin agus a rá nach bhfuil aon rud gur féidir an gnáthdhuine a dhéanamh chun tacú le ceoltóirí. “Sílim gurbh ea an rud is tábhachtaí ná chun tacaíocht a thabhairt chuig na healaíontóirí áitiúila na laethanta seo,” a deir Friel. “Chonaiceamar go léir na siopaí atá faoi bhrú nó nach bhfuil ag athoscailt i ndiaidh na dianghlasála . Tá sé i bhfad níos deacra na healaíontóirí atá ag streachailt a fheiceáil inár measc.” Le feabhas éigin tagtha ar chúrsaí “is é seo an t-am chun tacaíocht a thaispeáint do dhaoine agus comhlachtaí atá ag streachailt. Sílim go bhfuil sé tábhachtach cibé tacaíocht gurbh féidir a thabhairt dóibh ar líne trí na meáin shóisialta nó trí sheirbhísí mar Patreon nó Bandcamp ag an bómaite”.

Molann Eve Belle dúinn cluas éisteachta a thabhairt do gach rud atá á chruthú ag ceoltóirí i láthair : “bígí ag féachaint ar na livestreams, bígí ag ceannach cheoil, ag éisteacht ar Spotify, ag leannúint ar na meáin shoisialta.” Cuireann Friel an bhéim chéanna seo ar thacú leis na healaíona tríd aird a thabhairt orthu: “Is am iontach maith dúinn ceol nua a aimsiú. Tá go leor ceoltóirí ag cur brú mór ar na meáin sóisialta ag an bómaite le hamhráin nua, beocraoladh ‘s a laghad. Is é an rud is fearr gur féidir leat a dhéanamh duit féin agus do na healaíona go ginéaralta ná: éist le ceoltóirí nua, taiscéal na blasanna ceol ar fad atá thart uainn agus tabhair tacaíocht do na cheann a thaitníonn leat más féidir!”

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.