Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 9, 2020

Is Fiú do Mhic Léinn Aird a Thabhairt ar Thoghcháin an Phropaist

Osclaíodh na hiarratais do phost an Phropaist.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Osclaíodh iarratais go hoifigiúil don phost is mó sa Choláiste: ról an Phropaist.

Beidh an toghchán don chéad Phropast eile ríthábhachtach do Choláiste na Tríonóide. Cé go gur is amhail do do mhic léinn go bhfuil ról an Phropaist teoranta i dtúr eabhair – smaoineamh nach dtugann an seoladh uimhir a haon Sráid Grafton i dtaca le haghaidh bagrach an tí cabhair dó – ach is iad an duine is cumhachtaí gan amhras i bpobal an choláiste.

Beidh an Propast nua an duine a mhúnlóidh an chuma a bheidh ar an oideachas, taighde, campas agus luachanna Choláiste na Tríonóide le linn a dtéarma sna deich mbliana amach romhainn.
D’fhéadfadís an Coláiste a choinneáil ar a rian reatha nó an bealach ina oibríonn mic léinn, baill foirne agus taighdeoirí, a athrú go hiomlán.

ADVERTISEMENT

Ní gá breathnú i bhfad chun an tionchar a bhíonn ag an bPropast i dtreo pleananna agus tionscadal an Choláiste a fheiceáil le linn a thréimhse. Bhí an téarma ag an bPropast Patrick Prendergast líonta le tionscadail chaipitil, an scoil ghnó nua, TTEC agus Teilgcheárta Foghlama E3 ina measc. Chuir an Coláiste aird ar thionscadail a ghineann ioncam, feachtas deonaithe alumnais, Glúnta Inspóirádeacha, rangú a fheabhsú – le torthaí measctha – agus iarracht chun na fiontraíochta agus nuálaíochta i measc mac léinn a spreagadh.

Nuair a cruthaíodh an Roinn Ardoideachais níos luaithe i mbliana cuireadh tús le hathrú san ardoideachas in Éirinn. Ach d’fhoireann agus do mhic léinn i gColáiste na Tríonóide – agus fiú dóibh siúd in institiúidí ardoideachais eile freisin – beidh ról níos ríthábhachtachtaí ag toradh toghcháin don Phropast an bhliain seo chugainn maidir le todhchaí an ardoideachais i gColáiste na Tríonóide a mhúnlú agus b’fhéidir níos leithne fós ar scála náisiúnta.

B’fhéidir nach mbeidh vóta ag mic léinn sna toghcháin don Phropast, ach beidh an chuid is mó acu thart chun na hathruithe sa Choláiste a fheiceáil de réir mar a thoghfar an Propaist nua agus nuair thosaíonn siad ag cur a loirg féin ar oideachas Choláiste na Tríonóide. De réir mar a osclaítear iarratais agus nuair a thosaíonn iarrthóirí ag cur a n-ainmneacha síos, tá sé tábhachtach go mbeidh mic léinn ag thabhairt airde do phróiseas a bheidh impleachtaí fadtréimhseacha aige don Choláiste.