Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 10, 2020

Ní Mór Do Ollscoileanna a Bheith Cinniúnach Faoi Athoscailt – Ach Ní Róluath

Bheartaigh DCU, Ollscoil Mhá Nuad agus Ollscoil Luimnigh an tseachtain seo chun fanacht ar líne an téarma seo chugainn.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Baineadh geit as mic léinn an tseachtain seo nuair a bheartaigh cúpla coláiste chun fanacht ar líne don dara téarma. Le trí mhí fós le dul go dtí an chéad téarma eile, tá an chosúlacht ar an scéal gur cinneadh seachtantach atá ann, a ghlacadh go tobann.

Scríobh an Bord Eagarthóireachta seo i Mí Meán Fómhair go raibh an smaoineamh thar an samhradh go mbeidh múineadh pearsanta ann, míréalaíoch. Ag an am, bhí cásanna an choróinvíris in Éirinn ag árdú arís agus ba áiféiseach an smaoineamh a bhí ann go mbeimid ag filleadh ar ais ar champas.

Ní hamháin seo, ach tharraing an díriú ar mhúineadh pearsanta aird ó chúramaí eile ar nós athbhreithniú iomláin ar nádúr an ardoideachais. Thairis sin, theip ar ollscoileanna cinneadh cinniúnach a ghlacadh, rud a chuir leis an míchinnteacht agus easpa soiléireachta a bhrath mic léinn i rith an tsamhraidh.

ADVERTISEMENT

Ach céard faoi chúrsaí anois? An bhfuil teagasc pearsanta chomh haisteach mar smaoineamh mar a bhí ag deireadh Mí Meán Fómhair agus an bhfuil sé níos fearr chun leanúint orainn mar atá?

Is léir go gceapann Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU), Ollscoil Mhá Nuad agus Ollscoil Luimnigh é seo toisc gur d’fhógair siad go mbeartaíonn siad chun leanúint orthu ag múineadh ar líne sa dara téarma.

Ach beagnach trí mhí ó thús an dara téarma, is cosúil gur cinneadh gan choinne atá ann, agus thar aon rud eile, is iarracht atá ann róchúiteamh a dhéanamh chun leorghníomh a dhéanamh don mhearbhall agus guagacht a chúisíodar le linn Mhí Meán Fómhair.

In ainneoin nach féidir le hollscoileanna na botúin chéanna a dhéanamh an uair seo, tá cúinsí na dianghlasála seo difriúil, agus níos tábhachtaí fós, dothuartha.

Ní shíneann comhairle shláinte phoiblí níos faide ná an dianghlasáil seo agus níl éinne cinnte cad atá i ndán dúinn sa bhliain nua.

Is cosúil go bhfuil an Tríonóid ciallmhar gan cinneadh chomh mór sin a dhéanamh chomh luath seo. D’fhéadfadh cinneadh DCU, ag brath ar threoirlínte shláinte phoiblí, athrú arís a bhaineann an bonn ó chinneadh a thugann “soiléireacht” do mhic léinn anois, ach a chúiseoidh níos mó éiginnteachta sa todhchaí.

Tá an ceart ag na hollscoileanna agus coláistí seo maidir le rud amháin: tá sóiléireacht tuillte ag mic léinn. Níl aon amhras ann nár chóir na cinní seo a fhágáil don nóiméad deireanach, mar a rinneadh i Mí Meán Fómhair – ach is díchéillí a leithéid de chinneadh a dhéanamh ró-luath.