Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 16, 2020

Ní Raibh Gá Leis an Achrann Iarchéime Seo

Dhiúltaigh an GSU chun torthaí suirbhé a d’fhorbair Grúpa Cearta Oibrithe PhD TCD, muna nglacann an grúpa le coinníollacha áirithe.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Cheapfadh eachtrannach go bhfuil sé aisteach go bhfuil Aontas Iarchéime na Mac Léinn (GSU) agus grúpa cearta oibrithe PhD. Go deimhin nach bhfuil an GSU ann chun, i measc rudaí eile, ionadaíochta a dhéanamh ar son cearta mac léinn PhD?

Bhí an t-idirdhealú seo an-soiléir an tseachtain seo, nuair a thosaigh argóint i dtaobh torthaí shuirbhé a dhear an Grúpa Cearta Oibrithe PhD TCD maidir le coinníollacha oibre na mac léinn PhD le linn na paindéime choróinvíris. Dháil an GSU an suirbhé, ach anois diúltaíonn uachtarán an aontais Gisèle Scanlon chun na torthaí a eisiúint, ag cur sraith coinníollacha ar a bhfoilsiúchán agus ag iarraidh go socraíonn an dá ghrúpa ar choinníollacha “toilteanacha ón dá thaobh”.

Dar le saineolaí ar an ábhar, bhí an ceart ag Scanlon gur nochtaigh eisiúint na dtorthaí ceisteanna maidir le cosaint sonraí. Ach cén fáth nár cuireadh an cheist seo go dtí anois?

ADVERTISEMENT

Fiú amháin roimh an phaindéim choróinvíris, ní raibh éinne in éad ar mhic léinn PhD agus a gcoinníollacha oibre. Coinníollacha oibre suaracha agus tuarastal gann ina measc na fadhbanna atá ann. D’fhéadfadh torthaí an tsuirbhé cabhrú le mic léinn PhD chun comhrá a thosnú maidir leis an gcaoi a chaithtear leo. Is fíorthrua atá ann go bhfuil lochtanna an tsuirbhé ag cur stop leis seo.

Léiríonn seasamhacht ón uachtarán GSU ar choinníollacha “toilteanacha ón dá thaobh” don suirbhé go bhfuil níos mó casóidí i gceist anseo. I dtaca sin, is comhartha imní atá ann go ndeachaigh Scanlon chomh fada agus bagairt faoi choim a dhéanamh i dtreo an nuachtáin seo.

Cé go mb’fhéidir go mbeadh tionchar níos mó ag an suirbhé dá ndáilfeadh an GSU é – slua a aithníonn an Coláiste agus a dheileáileann leo -agus b’fhéidir nach mbeadh sé chomh amhrasach chéanna i ndearcadh dlíthiúil, tá neart fós le freagairt ag Scanlon agus a haontas sa phraiseach seo. Ní bheadh an Grúpa Cearta Oibrithe PhD TCD ann dá ndéanfadh an GSU a phost go héifeachtach, agus dhírigh an t-achrann seo aird ar fhadhbanna an aontais níos mó ná riamh.

Caithfidh an GSU athscrúdú a dhéanamh orthu féin agus a chúis sula mbíonn damáiste doleigheasta déanta dá chlú.