News
Nov 22, 2020

Seomra na Gaeilge ag Athoscailt

Beidh ar mhic léinn spás a chur in áireamh roimh réidh

Jennifer Ní ChiaraEagarthóir na Gaeilge

Beidh Seomra na Gaeilge ag athoscailt an tseachtain seo mar spás ar leithligh do mhic léinn na hollscoile. Beidh an seomra ar oscailt ó Luan-Aoine, idir 11rn – 4in.

Dhearbhaigh an t-Oifigeach Gaeilge, Áine Ní Shuilleabháin, go mbeidh sé ag oscailt an tseachtain seo i ríomhphost chuig an University Times.

Cosúil leis na spásanna ar leithligh eile ar champas, caithfear na spásanna a chur in áireamh roimh réidh agus beidh siad ar fáil do 45 nóiméad ag tosú ar bhuille na huaire. Is féidir áit a chur in áireamh ar shuíomh spásanna ar leithligh atá ag Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide (TCDSU).

ADVERTISEMENT

Is áit í Seomra na Gaeilge do phobal na hollscoile atá ag iarraidh Gaeilge a labhairt agus í a chleachtadh. Sa spás ar leithligh seo, is féidir le pobal Gaelach an Choláiste bualadh le chéile agus freastal ar léachtanna ar líne idir a ranganna ar champas.

Beidh Gaeilge ag na maoir ar fad ag déanamh maoirseachta ar an seomra. I dtaca leis na dualgais atá ag na maoir sna spásanna ar leithligh eile ar champas leis an nglanadh , beidh ar na maoir i Seomra na Gaeilge a chinntiú go bhfhuil Gaeilge á labhairt sa seomra.

I ráiteas chuig an University Times, dúirt reachtaire an Chumainn Ghaelaigh, Ciara Ní Mhurchú go raibh “cúpla cruinniú agam leis an Oifigeach Gaeilge Áine Ní Shúilleabháin chun na féidearachtaí ar fad a phlé. Phléigh muid na hamanna oscailte agus maoirseacht an tseomra le chéile”.

“Is cinnte go bhfuil an buíochas ar fad ag dul go hÁine as athoscailt an tseomra a eagrú agus a chur i gcrích” a dúirt Ní Mhurchú. “Tá sé ríthábhachtach go mbíonn spás ann do mhic léinn a bhfuil ag iarraidh a gcuid Gaeilge a úsáid le chéile”.

I ríomhphost chuig an University Times dúirt an t-Oifeagach Gaeilge d’Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide, Gretchen Nic Sheanlaoich go bhfuil sí “ag tnúth le bheith ar ais” i Seomra na Gaeilge.

D’oscail spásanna ar leithligh faoi stiúr TCDSU ag tús na bliana seo, san Fhoirgneamh Hamilton, an Proinnteach, TBSI agus Forsheomra Goldsmith ina measc. Osclaíodh iad chun go mbeidh áit ag mic léinn ar champas chun bualadh le chéile agus ranganna a dhéanamh, le scaradh sóisialta i bhfeidhm.

Osclaíodh Seomra na Gaeilge i bhfoirgneamh an Phroinntí den chéad uair in 2012. De ghnáth is spás a úsáidtear do phobal Gaelach an Choláiste chun teacht le chéile le haghaidh ócáidí cumainn nó tae agus caife.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.