Comment & Analysis
Eagarfhocal
Dec 7, 2020

Cén Saghas Propast a Chóir go mBeidh Mic Léinn ag Súil le an Bhliain Seo Chugainn?

Dúnadh iarratais le haghaidh róil an Phropaist tráthnóna Dé hAoine, agus dearbhaíodh ceathrar mar iarrthóirí.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Dúnadh iarratais le haghaidh róil an Phropaist an tseachtain seo, tar éis go ndearbhaigh ceathrar de phríomh-ollúna Choláiste na Tríonóide– an t-Ollamh Sarah Alyn-Stacy, an t-Ollamh Jane Ohlmeyer, an t-Ollamh Linda Doyle agus an t-Ollamh Linda Hogan– gur chuireadar a n-ainmneacha chun tosaigh don phost.

Tá seans go bhfógrófar níos mó iarrthóirí sna seachtainí amach romhainn, ach anois is í an cheist atá ann, do mhic léinn ach go háirithe: cad é go díreach atá ag teastáil don phost?

Is iomaí dúshlán náisiúnta, oideachasúil agus tráchtála atá ag baint le príomhoifig an Choláiste Rud ríthábhachtach, áfach, ná gurb é an Propast a mhúnlaíonn eispéireas oideachasúil thart ar 17,000 mac léinn bliain i ndiaidh bliana. Is scéal thairis é nach bhfuil morán tionchair ag mic léinn ar thorthaí an toghcháin– níl ach vóta ag dornán ionadaithe mac léinn ar Chomhairle na hOllscoile. Beidh tionchar ag fís an Phropaist don Choláiste thar an chéad deich mbliana eile ar eispéireas na mac léinn i gColáiste na Tríonóide.

ADVERTISEMENT

Chinntigh tosaíocht an Phropaist Patrick Prendergast ar rangú le blianta beaga anuas, go mbeidh ceist an rangaithe ina ceist achrannach sa toghchán seo. Mar sin, bheadh iarrthóir propaist ag déanamh go maith dá léireoidís a dtiomantas chun leasanna mac léinn a chur chun tosaigh thar leasanna QSTimes Higher Education.

Cáineadh Prendergast freisin as a chur chuige tráchtála i leith an Choláiste le linn a thréimhse oifige. Thaispeáin an phaindéim éagobhsaíocht na straitéise seo, rud a fhágann gur tarraingteach an rud é go mbeidh réitigh mhalartacha a bheith ag iarrathóir chun deileáil le drochiarmhairtí airgeadais an choróinvíris.

Maidir le mic léinn, beidh táillí coláistí ina gceist shuntasach. Beidh propast a thacóidh agus a mhéadóidh éilimh na mac léinn ar laghdú agus, sa deireadh, deireadh a chur le táille ranníocaíochta na mac léinn ríthábhachtach sna deich mbliana amach romhainn.

Ina theannta sin, má fhoghlaim mic léinn aon rud ón tabhairt isteach amhrasach de Thionscnamh Oideachais na Tríonóide (TEP), is mór an luach Propast a bheith ann atá in ann tionchar an duine ar chinntí teibí a dhéantar ar an mBord a réamh-mheas agus a thuiscint. Idir an dá linn, má tá rud ar bith foghlamtha ag an mBord le deich mbliana anuas, is fiú cathaoirleach nach bhfuil ina duine tiarnúil.

Ar an iomlán, áfach, ní mór do Phropast a bheith in ann a fhís a chur i láthair agus a shaothrú le fuinneamh agus le paisean a chuirfidh ina luí na buntáistí do thoghthóirí, agus a chothóidh í ar feadh na deich mbliana atá le teacht.