Comment & Analysis
Eagarfhocal
Dec 7, 2020

Oibríonn Altraí Agus Cnáimhsigh Atá Faoi Oiliúnt Agus Ní Mór Go N-Iocfar Iad

Vótáil an rialtas i gcoinne bille an tseachtain seo a ligfeadh go n-íocfar altraí agus cnáimhsigh atá faoi oiliúnt le linn na paindéime.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Nochtaíodh dúinn an i mbliana an mhéid ina mbrathaimid ar oibrithe sláinte ar an líne tosaigh. Ó thús na paindéime, rinneadar gaisce le linn roinnt dár laethanta is dorcha trí sheirbhís sárluachmhar a chur ar fáil, fad agus a mbeatha a chur i mbaol chun daoine eile a shábháil.

Mar sin, nuair a vótáil an rialtas i gcoinne bille an tseachtain seo a chinnteodh go n-íocfar grúpa lárnach d’oibrithe sláinte, altraí agus cnáimhsigh atá faoi oiliúnt, bhí alltacht ar mhórchuid daoine.

I dtaca sin, chun na tarcaisne a chur i gceann na héagóra d’altraí agus cnáimhsigh, níor tháinig an t-Aire Sláinte Stephen Donnelly go dtí an díospóireacht Dála.

ADVERTISEMENT

Tá sé mí-ionraic a rá nach bhfhuil altraí agus cnáimhsigh faoi oiliúnt mar oibrithe, ach mar mhic léinn amháin. Is leithscéal gan dealramh é ainmníocht na mac léinn a úsáid mar argóint toisc go bhfuil na haltraí agus cnáimhsigh faoi oiliúnt ag déanamh oibre deacra chun bearnaí san fhórsa saothair a líonadh– gan trácht ar cé chomh luachmhar agus a bhí siad agus go mbeidh siad le linn na paindéime. Is é fírinne an scéil ná go bhfuil ospidéil róspleách orthu d’obair cheart.

Muna n-íocfar iad, is measa fós atá an tréimhse seo dóibh. D’ainneoin go bhfuil a fhios againn conas deileáil leis an gcoróinvíreas níos fearr anois ná cheana, ní athraíonn sé seo an deimhniú go bhfuil altraí agus cnáimhsigh faoi oiliúnt ag cur i mbeatha i mbaol dá n-oideachas. Thairis sin, cuireadh iachall ar neart altraí agus cnáimhsigh éirí as a bpoist pháirtaimseartha fad agus atá siad ar shocrúchán toisc go mbeadh siad i dteagmháil leis an gcoróinvíreas. An méid is lú atá siad i dteideal ná tacaíocht shuntasach ón rialtas.

Baineann an vótáil i gcoinne na bille seo an bonn ó na teachtaireachtaí dlúthpháirtíochta d’oibrithe ar an líne tosaigh a chuireann na polaiteoirí céanna seo i gcás. Níl aon fhiúntas le bualadh bos agus béalghrá a thabhairt gan bheartais fhiúntacha ar nós íocaíocht bhunúsach.

Pé rud faoin bpolaitíocht pháirtí le páirtí freasúra ag cur na bille seo chun cinn, ní scéal nua é an fhadhb seo. Le blianta, tá altraí agus cnáimhsigh faoi oiliúnt ag impí ar an rialtas do thacaíocht ar shocrúchán. Is beartas daonnachta simplí atá i gceist, atá an rialtas in ann cur ar fáil dá mba mhian leo.

Ní féidir neamhaird a thabhairt ar seo. Más é seo an tslí ina nochtaítear altraí agus cnáimhsigh faoi oiliúnt don chóras sláinte, ní haon ionadh é go bhfágann siad ina sluaite. Níl aon rud casta i gceist– íoc na haltraí agus cnáimhsigh.