Comment & Analysis
Eagarfhocal
Dec 24, 2020

Tá an Taoide ag Casadh. Ní Mór don GSU Aird a Thabhairt Air

Reáchtáil an GSU a CGB ar an gCéadaoin, níos mó ná mí tar éis go raibh orthu é a reáchtáil go bunreachtúil.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Ar an gCéadaoin, thug Aontas na Mac Léinn Iarchéime (GSU) léargas ar cad atá i ndán do pholaitíocht iarchéime na Tríonóide.

Bhí an scoilt idir an GSU agus Grúpa Cearta Oibrithe PhD soiléir sular thosaigh an cruinniú.

In alt ar chinneadh coscarach Uachtaráin an GSU Gisele Scanlon, chun sonraí ó shuirbhé a scaoileadh a bhí bac orthu cheana, dúirt cathaoirleach an Ghrúpa Oibrithe PhD Choláiste na Tríonóide Thomas Dinneen go mbeadh ceisteanna le freagairt ag an GSU ag an gCruinniú Ginearálta Bliaintiúil (CGB).

ADVERTISEMENT

Tá an cuma ar an scéal áfach go raibh níos mó ceisteanna ná freagraí ag teacht as an gcruinniú. Ba léir go raibh an GSU ag iarraidh an iomarca ceisteanna a sheachaint: i ríomhphost a seoladh go dtí mic léinn iarchéime, dúradh go gcuirfear seisiún ceisteanna agus freagraí ar athló go dtí an chéad chruinniú chomhairle eile.

Tharla sé seo in ainneoin nach raibh cruinniú comhairle ag an GSU go dtí CGB na seachtaine seo – ag sárú a bhunreachta – agus ba léir go raibh neart ceisteanna le cur ag na mic léinn maidir le scaoileadh sonraí an tsuirbhé.

Nuair a chur mic léinn ceisteanna ar Scanlon, ní raibh siad sásta le soiléireacht a cuid freagraí – mar sin vótáileadh i gcoinne tuairisce an uachtaráin ar bonn frustrachais. D’éirigh an easpa soiléireachta níos measa nuair a bheartaigh Cathaoirleach an GSU Daire Tully chun ceann de na cainteoirí, Shaakya Anand Vembar, a chiúnú nuair a rinne sí iarracht Scanlon a cheistiú ar cheann de na freagraí.

Má tá ionadaíocht cheart le bheith ag na mic léinn iarchéime, is gá go n-oibreoidh an dá grúpa in éineacht le chéile agus is dócha go mbeidh comhghéilleadh de dhíth ón dá taobh. Tá an taoide ag casadh, agus má tá an GSU chun tionchar a bheith acu sa Choláiste is gá go dtabharfaidh sé Grúpa Cearta Oibrithe PhD na Tríonóide faoina bhráid agus an scoilt a dhúnadh i bpolaitíocht iarchéime na Tríonóide.

Braitheann teannas an chéad chruinniú GSU eile go mór ar cad a d’fhoghlaim an aontas ón tseachtain seo.