Comment & Analysis
Jan 13, 2021

Ag Foghlaim na Gaeilge Thar Lear

Tugann Síothrún Sardina cuntas ar conas gur fhoghlaim sé an Ghaeilge ar an idirlíon i San Diego.

Síothrún SardinaScríbhneoir Cúnta
blank
Róisín Power for The University Times

Is mise Siothrún. Táim mar mhac léinn na Tríonóide anois agus mar bhall den Chumann Gaelach anseo. Den chéad uair riamh, tá mé in ann an Ghaeilge a labhairt gach lá, agus í a úsáid mar ghnáth-theanga i mo shaol féin. Tá an deis seo níos iontaí dom féin mar ní bhíodh a leithéid de dheis agam roimhe seo. Is as San Diego i gCalifornia sna Stáit Aontaithe Mheiriceá mé, agus d’fhoglaim mé mo chuid Gaeilge ar an idirlíon, thar lear.

Is minic a chuirtear ceisteanna orm: cén fáth ar fhoghlaim mé an Ghaeilge? Agus conas go ndearna mé é? Bhuel, thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge tuairim agus trí bliana go leith ó shin. Bhí mé tar éis saoránachta na hÉireann a fháil, agus bhíos ag iarradh teanga nua a fhoghlaim. Mar sin, thosaigh mé cúrsa na Gaeilge ar Duolingo.

Cloisim daoine ag tabhairt amach faoi Duolingo go mion minic – nach múineann sé Gaeilge nadúrtha ná labhairt na Gaeilge. Ach caithfidh mé a rá nach bhfuil sé chomh dona sin ar chor ar bith – fiú nach córas foirfe é ach an oiread. Ar dtús, ní raibh seans dá laghad agam an Ghaeilge a labhairt le héinne eile. Bhí mé ag léamh agus ag éisteacht, ach gan aon chleachtadh labhartha. Mar a deirtear, ní raibh Gaeilge nadúrtha agam, ná fiú Gaeilge labhartha. Ach bhí rud rí-úsáideach amháin agam – bhíos in ann an teanga a thuiscint.

ADVERTISEMENT

Cloisim daoine ag tabhairt amach faoi Duolingo go mion minic – nach múineann sé Gaeilge nadúrtha ná labhairt na Gaeilge. Ach caithfidh mé a rá nach bhfuil sé chomh dona sin ar chor ar bith – fiú nach córas foirfe é ach an oiread.

Bliain amháin tar éis tús a chur, chuaigh mé go hÉirinn ar chúrsa staidéir idirnáisiúnta. Bhain mé triail as an nGaeilge a labhairt agus – go deimhin – is beag go raibh mé in ann dhá fhocal a chur le chéile. Ach thuig mé cad a bhí á rá ag na daoine eile. Agus tar éis roinnt seachtainí, d’fhoghlaim mé foghraíocht na Gaeilge, agus bhí mé in ann labhairt faoi dheireadh. Nuair a smaoiním siar, creidim gurb é Duolingo an fáth go raibh mé in ann seo a dhéanamh. Thug sé tús maith dom (agus is ionann sin is leath na hoibre, nach ea!).

Nuair ar d’fhill mé ar San Diego, thuig mé nach mbeadh mé in ann mo chuid Gaeilge a chur chun cinn gan chleachtadh labhartha. Is mar sin a d’eagraigh mé Pop Up Gaeltacht (PUG) i San Diego. Dála an scéil – tá i bhfad níos mó Gaeilgeoirí i San Diego ná mar a cheaptar! Tar éis PUG tosach iontach, lean mé ar aghaidh á gcur le chéile ar feadh na mblianta go dtí seo. Is mar gheall orthu atá mo chuid Gaeilge chomh maith is atá sí anois–bhíodh cleachtadh agam i gcónaí, agus bhí mé mar chuid de phobal na Gaeilge. Tá an PUG sin fós ag dul ar aghaidh ar Zoom dála an scéil, agus beidh le fada an lá.

Anois agus mé ag Coláiste na Tríonóide, tá an Ghaeilge mar chuid mhór de mo shaol. Bhuail mé le go leor cairde leis an gCumann Gaelach, agus bíonn Gaeilge á labhairt againn i gcónaí. Móide sin, bímse ag bualadh le cairde nua, ag imirt cluichí, agus ag caint trí Ghaeilge beagnach gach lá.

Táim an-bhuíoch as an gCumann agus as mo chairde ann. Ní hamháin mar gur chuireadar fáilte romham, ach mar a bhíonn siad i gcónaí ag cur fáilte roimh fhoghlaimeoirí agus daoine nua.

Níl imní ná stró ann, ach seans chun na Gaeilge a chleachtadh agus a úsáid. Agus an rud a bhainimid amach as ná saol trí Ghaeilge. Mar a luaigh mé cheanna, tá an Ghaeilge mar ghnáth-theanga agam anois. Tar éis fiú roinnt míonna sa Choláiste, mothaím go bhfuil mo chuid Ghaeilge níos fearr ná mar a bhí sí riamh.

Anois agus mé ag Coláiste na Tríonóide, tá an Ghaeilge mar chuid mhór de mo shaol.

Ní chreidim gur teanga an-deacair í an Ghaeilge. An rud atá i gceist ná gur teanga labhartha í an Ghaeilge. “Beatha teanga í a labhairt”, mar a deirtear. Is fíor gur fhoghlaim mé ar dtús í ar an idirlíon agus mé thar lear, ach ní raibh sí agam i ndáiríre go dtí gur thosaigh mé á labhairt anseo.

Ach ní hionann sin is go raibh an t-aistear an-éasca ar chor ar bith. Fiú anois tá mé ag foghlaim, ach ní shin an phríomhdheacracht i mo thuairim féin. An phríomhdheacracht atá ag baint léi ná an misneach a bheith agat í a labhairt. Ní rud éasca é sin, ach go háirithe nuair atá Gaeilge níos fearr ag na daoine i do thimpeall. Ach bíodh a fhios agat: thosaigh gach chuile dhuine mar sin.Tá áilleacht sa Ghaeilge, fiú go deimhin i nGaeilge bhriste. Mar ní féidir í a chur chun cinn gan í a fhoghlaim, ná foghlaim gan í a ‘bhriseadh’ ar dtús.

Is mar sin a deirim, ma tá tú fós ag foghlaim, bíodh misneach agat. Lean ar aghaidh agus labhair í. Is fiú an iarracht!

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.