Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jan 26, 2021

Caithfear Leanúint Leis an Troid ar son Altraí agus Cnáimhseacha atá Faoi Oiliúnt

D’fhógair an rialtas an tseachtain seo go mbeidh siad ag tarraingt mac léinn agus cnáimhseacha atá faoi oiliúnt ó shocrúchán.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Nuair a shocraigh an rialtas an tseachtain seo go dtarrangeofaí os cionn 2,000 altra agus cnáimhseach faoi oiliúnt ó ospidéil phoiblí chun na mball foirne shinsearacha a bhí á n-oiliúint a shaoradh, rinne sé dhá rud.

Ní amháin gur bhain sé an bonn den ról ríthábhachtach a bhí ag thart ar 4,000 altra agus cnáimhseach faoi oiliúnt ar líne tosaigh na seirbhíse sláinte le linn na paindéime tríothu a chruthú mar ualaí don foirne ospidéil, ach d’éirigh leis teacht timpeall ar cheist chorrach an phá socrúcháin fós, arís.

Tá an díospóireacht maidir le luach saothair altraí agus cnáimhseacha faoi oiliúnt tar éis fuinnimh a bhailiú le míonna beaga anuas. I mí na Nollag, scaoil an rialtas bille a thabharfadh le fios go n-íocfar altraí agus cnáimhseacha faoi oiliúnt mar chúntóirí cúraim sláinte le linn na paindéime.

ADVERTISEMENT

Ansin, níos luaithe an mhí seo, rinne an rialtas moladh sprionlaithe €100 in aghaidh na seachtaine a íoc le haltraí agus cnáimhseacha faoi oiliúnt ar feadh ré na paindéime – deontas a bheadh ​​thart ar € 2.56 san uair ar feadh seachtaine oibre 39 uair a chloig.

Ach, tá an rialtas i gcónaí ag iarraidh na faidhbe a sheachaint i ndáiríre agus tá an cheist curtha aige anois ar ospidéil ina n-aonair (a bheidh in ann mic léinn a ghlacadh mar chúntóirí cúraim shláinte má mheasann siad go bhfuil gá leo), ag admháil go ndéanann altraí agus cnáimhseacha faoi oiliúnt níos mó ná am na mball foirne a chur amú agus ag léiriú an fíorbheagán tuisceana faoin gcruachás atá os comhair na n-altraí agus cnáimhseacha faoi oiliúnt roimh agus le linn na paindéime.

Is cinnte go bhfuil ​​an cheist maidir le haltraí agus cnáimhseacha mac léinn a íoc ar shocrúchán le linn na paindéime i mbéal an phobail – ní raibh sé chomh soiléir riamh cé chomh ríthábhachtach is atá an ról atá acu sna hospidéil. Seachas dul i ngleic leis, tá an rialtas tar éis na ceiste a sheachaint go seasta agus anois tá sé ina thost go hiomlán trí dheireadh a chur leis an socrúchán.

Ach bhí an cheist seo ann roimh an phaindéim – agus leanfaidh sí níos faide arís. Le fada an lá saothraíodh stádas na n-altraí agus na cnáimhseach faoi oiliúnt agus diúltaíodh ​​a n-éilimh ar íocaíocht cheart. Ní réitíonn deireadh an socrúcháin seo an cnámh spairne seo don rialtas. In áit sin, cuireann sé é ar an méar fhada, ag cur an chomhrá siar arís.