Radius
Jan 24, 2021

Deis Chun Grá a Aimsiú Leis an gCumann Gaelach

Is é an 31ú Eanáir an spriocdháta chun síniú suas don fheachtas cártaí Lá Fhéile Vailintín an Chumainn Ghaelaigh.

Jennifer Ní ChiaraEagarthóir na Gaeilge
blank
Alex Connolly for The University Times

Tá Lá Fhéile Vailintín ag teacht go luath agus is cinnte i mbliana go mbeidh daoine dímhaoin agus uaigneach leis an dianghlasáil ar bun. Níl mórán deiseanna i mbliana rud éigin rómánsúil a dhéanamh nó crobhaing rósanna a fháil ó dhuine atá geallmhar ort. Ach ná bígí buartha – tá an Cumann Gaelach tar éis feachtais chártaí a thosnú ionas gur féidir linn beagáínín grá a fháil agus a thabhairt i mbliana.

Chun páirt a ghlacadh is féidir foirm le réimse ceisteanna a líonadh amach. Meaitseálfaidh muintir an Chumainn Ghaelaigh daoine le chéile bunaithe ar na freagraí. Seolfar freagraí beirt pháirtí chuige chéile agus is féidir leo cárta a scríobh chuig a ngrágeal ainaithnid. Is féidir na cártaí scríobh i nGaeilge, Béarla nó meascán – an t-aon riail atá ann ná is gá a bheith cineálta.

Nuair a chríochnaíonn tú ag cur snas ar an gcárta álainn rómánsúil chuig do pháirtí nua, is féidir an cárta a sheoladh go dtí 12.1.02b Botany Bay, Trinity College Dublin, D02h104, Dublin 2. Gealltar nach osclófar na cártaí sula seolann na heagraithe na cártaí ar aghaidh go dtí do ghrása nua. Is féidir fanacht go hiomlán ainaithnid nó is féidir do chuid sonraí a chur isteach – tá sé go hiomlán suas chucu siúd a ghlacann páirt. Is é an spriocdháta chun síniú suas ná an 31 Eanáir.

ADVERTISEMENT

Tháinig beirt chairde sa Chumann Gaelach Eimear Finan agus Ríoghnach Hyland, suas leis an smaoineamh agus is iadsan a bheid ag déanamh an chleamhnais. Ag labhairt le The University Times, nochtaíodar a gcuspóirí leis an tionscnamh seo.

“Bhíomar ag iarraidh cuid den draíocht a bhaineann le Lá Fhéile Vailintín a léiriú i mbliana trí chártaí a sheoladh,” arsa Finan.

“Seo í ár mbliain dheireanach sa choláiste agus níl aon slí chun dul amach agus bualadh le daoine,” a dúirt Hyland.

D’aontaigh Finan léi. “Tá sé chomh bhrónach go mbeimid críochnaithe – tá daoine sa choláiste ar chomhaois agus leis na suimeanna céanna linn inár gcúrsaí nó cumainn agus nílimid in ann bualadh leo go pearsanta. B’fhéidir is daoine a bheadh oiriúnach agus foirfe dúinn” a dúirt sí ag gáire.

Thráchtaigh Finan ar a suim sa litir scríofa. “Bhí cairde pinn agam nuair a bhí mé níos óige agus bhain mé an-sult as litreacha a scríobh agus clúdaigh litreacha deasa a cheannach agus gramadán agus stampaí a cheannach. Is bealach deas traidisiúnta é rudaí a dheanamh.”

I dtaobh an chleamhnais de, nuair a cuireadh ceist orthu an bhfuil siad ag súil go gcruthófar lánúin nua as a dtionscanamh, dúirt Hyland go bríomhar “Go mbeadh sé go deas más rud é gur tharla sé. B’fhéidir má tá daoine an-oiriúnach dá chéile go mbeidh seans ann. Táimid ag iarraidh an meascán is fearr de dhaoine.”

Go dtí seo tá roinnt mhaith daoine tar éis a suim a léiriú sa tionscadal. “Ní thuigeamar cé chomh ráthúil agus a bheadh sé. Cheapamar gur ár gcairde amháin a bheadh ann. Ach is dócha leis an dianghlasáil go bhfuil daoine i bhfad níos oscailte do rudaí cineál “cringey” mar seo”, arsa Eimear.

D’impíodar ar dhaoine gan a bheith buartha faoina gcaighdeán Gaeilge, an bheirt ag rá d’aon ghuth “Ní gá go mbeidh Gaeilge fhoirfe, Gaeilge mhaith nó Gaeilge ar chor a bith agat!”

Níl aon leithscéal mar sin páirt a ghlacadh ach go háirithe má tá tú bréan de bheith ag treabhadh tríd na haipeanna geandála. Ní fios céard a thárlóidh!

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.