Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jan 18, 2021

Is Léiriú é Clár Cambridge ar Obair na Tríonóide

Tá cláir rochtana spreagtha ag TAP tar éis a bhealach a dhéanamh chuig Oxford agus Cambridge.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Le blianta beaga anuas, moladh an Clár Rochtana Choláiste na Tríonóide (TAP) i gceart mar cheann de na héachtaí is bródúla atá ag an gColáiste. Fiú agus díospóireachtaí maidir le hairgead agus tráchtálú ag dul ar aghaidh, tá an clár ionadaíoch ar cheann de na haidhmeanna is lárnaí i gColáiste na Tríonóide: cumhachtú tríd an oideachas.

Ní féidir áibhéil a dhéanamh faoi rath an chláir. In 2017, d’fhan 90 faoin gcéad de mhic léinn TAP sa chéad bhliain sa Choláiste. Chuir scéalta rathúla ardphróifíle ar nós scéalta na bpolaiteoirí Lynn Ruane agus Gary Gannon le próifíl an chláir níos mó fós.

Mar sin is álainn an rud é a fheiceáil go bhfuil Ollscoil Cambridge ag leanúint treoir Choláiste na Tríonóide agus ag seoladh cláir boinn do mhic léinn ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste nach gcomhlíonann riachtanais A-Leibhéil na hollscoile.

ADVERTISEMENT

Beidh an clár dírithe ar dhaoine óga ó chúlraí ar ioncam íseal, agus fiú má chríochnaíonn mac léinn an bhliain agus mura mian leo leanúint ar aghaidh ag Cambridge, nó mura gcomhlíonann sé na critéir iontrála, tabharfar cúnamh dóibh clár malartach a fháil áit eile.

Go stairiúil is ceannródaithe oideachais iad ollscoileanna ar nós Cambridge agus Oxford ­– agus an Lady Margaret Hall a rinne lainseáil cláir rochtana spreagtha ag TAP in 2016 – mar sin is rud thar a bheith suntasach é don Choláiste chun iad a fheicáil ag athchruthú rud a thosaigh an Tríonóid.

Ar ndóigh, níl cláir rochtana mar bun agus barr an scéil maidir le comhionannas san ardoideachas – díreach mí ó shin, d’eisigh an t-Údarás Ardoideachais torthaí suirbhé a bhí ina ndrochtheist dhamanta ar chomhlacht mac léinn beagnach aonchineálach na Tríonóide. Tá an céatadán is airde de mhic léinn ó chúlraí saibhre ag an gcoláiste, agus an cion is ísle de mhic léinn ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste.

Agus má tá fadhb aicme ag an Tríonóid, tá leithéidí Cambridge ar leibhéal eile. Tá sé ríthábhachtach lámh cúnaimh a thabhairt do mhic léinn faoi mhíbhuntáiste, ach ní féidir stopadh le cláir rochtana chun dul i ngleic le héagothroime shocheacnamaíoch laistigh den tríú-leibhéal.

Ba chóir go mbeidh an Coláiste bródúil as a bheith ina cheannaire ag dul i ngleic leis an gceist seo, agus is cinnte gur chóir é a spreagadh chun níos mó a dhéanamh dá bharr. Tugann ollscoil cosúil le Cambridge ag déanamh an rud céanna an chumhacht don Tríonóid leanúint ar aghaidh ag brú teorainneacha chun dul i ngleic le héagothroime san oideachas.