Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jan 18, 2021

Tá gá le Breis Maoiniúcháin Rialtais d’Áiteanna Breise sna hOllscoileanna

D’fhógair an t-Aire Ardoideachais Simon Harris an tseachtain seo go bhfanfaidh na mílte áiteanna breise ar fáil do choláistí.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Dhearbhaigh an t-Aire Ardoideachais Simon Harris an tseachtain seo go gcuirfear na mílte áiteanna breise a tógadh isteach le linn na paindéime ar fáil arís. Tá sé beartaithe aige freisin, 2,000 áit bhreise a thógáil isteach an bhliain seo chugainn.

Fad agus is fiú moladh a thabhairt as an rochtain ardoideachais a mhéadú, tá na cúinsí a bhaineann leis an bhfógra áirithe seo níos casta ná mar a shíltear.

Ar an gcéad dul síos, tagann an fógra seo gan aon ghealltanas de mhaoiniú breise d’instinstiúdí ardoideachais. Ní féidir a bheith ag súil le hearnáil nach mbíonn a dóthain maoinithe aici riamh chun áiteanna breise a chur ar fáil gan a dóthain acmhainní agus baill foirne chun freastail orthu. Beidh mic léinn agus coláistí faoi mhíbhuntáiste muna gcuirfear breis maoinithe ar fáil chun go nglacfar go fonnmhar leo.

ADVERTISEMENT

I gcás na Tríonóide, tá an cóimheas idir mhic léinn agus baill foirne ag cúisiú fadhbanna cheana féin. An t-am seo anuraidh, chur an Propast a bhuairt in iúl maidir leis an gcóimheas idir mhic léinn agus baill foirne sa Tríonóid agus gheall sé breis foirne a fhostú chun deileáil leis an méadú. Is léir áfach, nuair a d’fhógair an rialtas áiteanna breise i Meán Fómhair do chúrsaí atá éileamh orthu ar nós leighis agus fiaclóireachta, nach raibh an Tríonóid in ann na mic léinn breise a ghlacadh sna cúrsaí seo.

Spreagann an fógra doiléir seo ceisteanna maidir le cá háit a gcuirfear na háiteanna ar fáil agus an bhfanfaidh na háiteanna seo ar na cúrsaí céanna a cuireadh ar fáil iad i mbliana, nó an athróidh sé seo ag brath ar éileamh sa todhcaí.

Chun an ráiteas measartha simplí a dhéanamh níos casta fós, le blianta beaga anuas tá an plé i dtaobh an ardoideachais tar éis a bheith bunaithe ar ollscoileanna ag iarraidh a neamhspleáchais agus a n-amhras maidir le tionchar rialtais san earnáil. Fad agus go gcuireann an ráiteas leathan seo cuma mhaith Harris agus an rialtas trí áiteanna breise a chur ar fáil chun deileáil le “brú deimeagrafach”, feicfimid linn conas go rachaidh an rialtas ag déanamh an chinnte seo i bhfeidhm ar an earnáil triú-leibhéal. Mar gheall ar an gcóimheas ard idir mhic léinn agus baill foirne i dtaca le heaspa maoinithe áfach, is deacair a shamhlú go mbeidh freagra iontach dearfach acu.

Le boilsciú marcanna agus ardú i líon na ndaoine ag bogadh ar aghaidh go dtí an t-ardoideachas, níl aon cheist go mbeidh breis áiteanna de dhíth. Ag deireadh an lae áfach, má chuirtear na háiteanna seo ar fáil, tá gá le breis maoinithe.