Comment & Analysis
Eagarfhocal
Feb 10, 2021

Beidh Tionchar ag Toghcháin an Phropaist ar Cheisteanna Áitiúla agus ar Mhic Léinn

Léirigh suirbhé a rinneadh an tseachtain seo go gcreideann 42 faoin gcéad d’fhoireann acadúil Choláiste na Tríonóide gurb iad riarachán agus maorlathas na saincheisteanna is tábhachtaí i dtoghchán an phropaist.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Agus tús curtha leis an bhfeachtas toghchána an phropaist an tseachtain seo, fuarthas roinnt torthaí suimiúla ó shuirbhé a rinne an nuachtán seo i measc na dtoghthóirí.

D’ainneoinn an chaint go léir faoin Tríonóid agus a háit rangú domhanda agus a pleananna móra forbartha amach anseo, is iad na cúrsaí lá go lá de riaracháin agus maorlathais a luaigh 42 faoin gcéad d’acadóirí na Tríonóide mar na saincheisteanna is tábhachtaí i dtoghchán an phropaist.
Léiríonn na torthaí go mbeidh ceisteanna áitiúla tábhachtach d’iarrthóirí má tá siad na toghthóirí a mhealladh. Ní haon ionadh é seo. Má bhraitheann acadóirí go bhfuil an-iomarca páipéarachais mar ualach is gá dóibh dhéanamh in ionad na bpost a theastaíonn uathu a dhéanamh i ndáiríre, níl sé ach nádúrtha gur ceist chomh ábhartha í seo dóibh.

Mar sin féin, léiríonn na torthaí seo cé chomh sriantach is féidir toghchán propaistna Tríonóide a bheith. Beidh na hacadóirí seo ag vótáil thar ceann an Choláiste le hiarmhairtí don iliomad mac léinn nár leag cos ar an gcampas fós. Sárófar ceisteanna níos leithne atá ag pobal an choláiste ar nós saincheisteanna riachtanacha d’acadóirí eile– ar nós staid neamhchinnte mac léinn PhD– i bhfábhar suimeanna acadóirí ata cinnteacht seilbhe acu agus a bhfadhbanna riaracháin.

ADVERTISEMENT

Cé go raibh na ceisteanna a cuireadh sainiúil do thuairim na bhfreagróirí féin, is dócha go gcuirfidh mórchuid na n-acadóirí saincheisteanna eile san áireamh nuair a gcaitheann siad a gcuid vótaí sa deireadh. Ach nuair a thagann an crú ar an tairne, áfach, tiocfaidh claontachtaí agus riachtanais phearsanta na n-acadóirí féin chun cinn mar an tosca is mó ina gcinneadh.

I ndeireadh na dála, tá sé intuigthe go bhfuil saincheisteanna áitiúla ina gcúis mhór imní d’acadóirí– is féidir le riarachán a bheith mall agus mí-áisiúil. Tá an baol ann, áfach, tríd é seo a roghnú mar an mbuncheist go mbeidh todhchaí na Tríonóide thíos le dearcadh cúng na n-acadóirí, nach gcuirfidh cúinsí níos leithne san áireamh. Ach tá teachtaireacht na dtoghthóirí soiléir– níor cheart fuinneamh acadúil a chaitheamh ar chrá maorlathach. Ba chóir go mbeadh sé dírithe ar shaincheisteanna níos mó. Feicfimid linn, áfach, an féidir leis na hiarrthóirí propaist na saincheisteanna seo a réiteach.