Comment & Analysis
Eagarfhocal
Feb 10, 2021

Ní Mór d’Acadóirí Ceistiú an Toghchán nó Ceapachán atá i Rás an Phropaist?

Bheartaigh Coiste Agallaimh do thoghchán an phropaist an tseachtain seo nár chomhlíon an t-Ollamh Sarah Alyn Stacey na cáilíochtaí chun rith sa toghchán.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Tá Prof Sarah Alyn-Stacey mar sheanfhondúir de chuid na Tríonóide le neart taithí. Cén fáth go bhfuil an chumhacht ag an gcoiste agallaimh– grúpa beag– chun stop a chur le toghthóirí ag rá má oireann sí do ról an phropaist?

Tuigeann an Bord Eagarthóireachta an íoróin a bhaineann leis an t-Ollamh Sarah Alyn-Stacey, iarrathóir a bheadh sásta tabhairt amach faoi mhaorlathas an Choláiste, a bheith dícháilithe, is cosúil, mar gheall ar mhaorlathas.

Níl aon dabht go raibh Alyn-Stacey mar iarrathóir neamhghnáthach. Mar thraidisiúnaí, dar léi féin, tá sí tar éis a bheith an-ghlórach maidir lena dímheas ar aistriú an Choláiste go dtí múnla níos corporáidí agus bainistíochta le blianta beaga anuas.

ADVERTISEMENT

É sin ráite, is seanfhondúir acadúla í Alyn-Stacey. Tá sí mar bhall de thrí chomhlacht chinnteoireachta an Choláiste– an Comhairle, an Bord agus Airgeadas– is Comhalta Tríonóide seanbhunaithe í freisin le neart taithí acadúla le go leor ollscoileanna móra le rá.

Cad a fhaigheann toghthóirí ó dhícháilíocht Alyn-Stacey? Cén fáth gur bheartaigh an coiste agallaimh a bheith níos teoranta ó thaobh cé a ligean sé chun rith le haghaidh róil an Phropaist? Cén fáth go bhfuil an chumhacht ag an gcoiste anois chun stop a chur le hacadóirí cáilithe ag déanamh a n-intinní suas maidir le cé ba chóir a bheith i gceannas ar an ollscoil ar feadh deich mbliana?

Nár chóir do dornán beag baill choiste teacht sa dara háit go 12 ainmniúchán atá de dhíth chun dul isteach sa rás? Trí ligint do ghrúpa beag bac a chur ar Alyn-Stacey dul san iomaíocht, d’athraigh an Coláiste an chaoi go gtoghann an Tríonóid a Propast agus leagan sé caighdeán síos do cé go díreach is féidir dul san iomaíocht nuair a chóir go socródh togthóirí é sin.

Tá an toghchán socraithe ag scoláirí seanbhunaithe, mar sin níl an próiséas daonlathach ó dhearcadh na mac léinn, ach ar a mhéid d’fhéadfadh an Coláiste an prionsabal daonlatach a ligeann d’éinne– go réasúnta– dul san iomaíocht más mian leo, a dhearbhú. Mura mbeadh ann ach é sin, is masla é do thoghóirí. An é nach raibh muinín ag an gcoiste agallaimh iontu chun an iarrathóra cheart a roghnú?

Caithfidh acadóirí sinsireacha an cheist a chur orthu féin: an bhfuil siad ag iarraidh leanúint orthu an focal scoie a bheith acu ar cé a bheidh mar an gcéad phropast eile, nó an bhfuil siad ag iarraidh go mbeadh sé ag rannóg na n-acmhainní daonna?