Comment & Analysis
Eagarfhocal
Feb 1, 2021

Óid do Bhál na Tríonóide

Fógraíodh an tseachtain seo go gcuirfear Bál na Tríonóide ar ceal don dara bliain as a chéile.

Leis an mBord Eagarthóireachta

I gcomparáid le gach rud atá gach éinne tar éis dul tríd le beagnach bliain anuas, tá cuma fhánach, fiú neafaiseach ar chealú Bál na Tríonóide.

Go deimhin, bhí an cealú dosheachanta: fad agus a d’ardaigh líon na gcásanna le seachtainí beaga anuas agus dhearbhaigh an rialtas go mbeidh dianghlasail leibhéal a cúig ann go dtí Márta ar a luaithe, ghlac fórmhór daoine nach mbeimid ag filleadh ar an ngnáthrud arís ar feadh tamaill eile. Mar sin féin, bhí mic léinn ag déanamh bróin an tseachtain seo le Bál Tríonóide eile imithe, agus cé a thógfadh é sin orthu?

Is eachtra mhúnlaitheach é Bál na Tríonóide do mhic léinn, eachtra a dhéanann na fadhbanna ar fad leis an gColáiste, ón gcíos ag dul in airde go dtí deacrachtaí clárlainne acadúla, níos éasca chun deileáil le. Leis an mbál curtha ar ceal le dhá bhliain anuas, i dtréimhse nach bhfuil mórán ann le bheith ag tnúth le, is buille eile é don eispéireas coláiste atá gach éinne ag cailliúnt faoi láthair.

ADVERTISEMENT

Ó mhic léinn sa chéad bhliain a bhí ag tnúth le hoícheanta amuigh fad agus a bhí siad déanamh staidéir don ardteist, chucu siúd a bhí ag fanacht dá mbliain dheireanach chun frestail ar Bhál na Tríonóide agus a baineadh an deis uathu, is léargas é cealú buaicphointe féilire shóisialta na Tríonóide dhá bhliain as a chéile ar an méid atá mic léinn ag cailliúnt amach air agus a leanann an coróinvíreas ar aghaidh.

I ndiaidh blianta do bheith ag gearán faoi phraghas na dticéad, ceoltóirí díomácha agus an fuacht, bhí an deis ag mic léinn seasamh siar agus a fheiceáil go raibh an t-ádh orainn go raibh sin an méid is mó a bhí againn chun gearáin faoi. Is iad teochtaí faoin reophointe, agus scuainí don phuball damhsa, tráth dá raibh mar chonstaicí dúinn, anois mar na cineál rudaí atáimid cíochrach a fháil ar ais.

Fad agus go ndéanann na puball, suas mar spásanna staidéir seachas rince, magadh fúinn agus cad atá caillte againn, fad agus a tharraingíonn feistis a ceannaíodh do bhál na bliana seo caite dusta sa chófra agus leis an gcéad oíche eile amach fada uainn, ar a laghad is feidir linn a bheith cinnte faoi rud amháin: i gcodarsnacht le blianta eile, ag an bpointe seo, ní bheadh éinne ag gearán dá mbeadh The Coronas mar an t-aon bhanna ceoil ag an gcéad bhál eile, ag seinim arís agus arís, ad infinitum.