Comment & Analysis
Editorial
Feb 22, 2021

Tá an Stair Tábhachtach. Ba Chóir an Tríonóid a Mholadh as a Stair a Imscrúdú

Tá beirt thaighdeoirí na Tríonóide ag dul i mbun imscrúdaithe ar feadh dhá bhliana ar naisc stairiúla an Choláiste leis an sclábhaíocht agus an t-impiriúlachas.

By The Editorial Board

Is cúis bhróid don fhoireann agus do mhic léinn í stádas na Tríonóide mar cheann de na ollscoileanna is sine ar domhan. Ach meabhraíonn nuacht na seachtaine seo go bhfuil an Coláiste chun imscrúdú dhá bhliain a sheoladh ar a stair choilíneach go mbíonn stair ghránna, i bhfolach den chuid is mó, ag institiúidí taibhseacha.

D’fhéadfadh an tionscadal taighde seo roinnt fírinní míchompordacha a nochtadh faoi nasc stairiúil na Tríonóide leis an sclábhaíocht agus an impiriúlachas. Ach tá sé ríthábhachtach nach séanann an Coláiste an mhéid a aimseofar. Mar ollscoil le nasc fada le cinsealacht Phrotastúnach na hÉireann, agus, tríd sin an impireacht, tá freagracht ar Choláiste na Tríonóide gan a cuid staire a díghalrú.

Ar aistí an tsaoil, shíl roinnt tráchtairí ar líne go bhfuil seoladh an tionscadail mar rud diúltach. Tá sé an-deacair a fheiceáil gur drochrud atá sa tionscnamh seo. Baineann an stair le hiniúchadh a dhéanamh ar an am atá thart agus tuairimí a cheistiú– más é sin an cás, cén fáth go bhfuil freagra chomh hinstinniúil sin ag iniúchadh ar ról na hÉireann san impireacht? I ndeireadh na dála, is iad na hacadóirí ollscoile a scríobhann an stair, agus den chuid is mó, níor cheistíodh léargas na hÉireann mar chóilínithe seachas iad siúd a rinne coilíniú go dtí seo.

ADVERTISEMENT

Cinnte, tá roinnt céimeanna déanta ag an gColáiste chun aghaidh a thabhairt ar chiníochas sistéamach in Éirinn agus níos faide i gcéin. Le tús ar modúil ar Staidéar ar an gCine Gorm geallta ar cheann de na samplaí is fearr le déanaí den Choláiste ag éisteacht le hábhair imní mac léinn agus ag freagairt glaonna ó ghníomhaithe.

Ach is níos lú ná bliain atá ann ó gur spreag bás George Floyd agóidí i gcoinne an chiníochais ar fud an domhain, agus tá sé riachtanach nach nglacfaidh an Tríonóid ról frithghníomhach le agus í ag dul i ngleic lena stair. Má thiteann gluaiseacht Black Lives Matter as an nuacht, an bhfágfar an tionscnamh seo i gcartlainne nuachtáin?

Mar shampla, ceist eile nach mór don Choláiste a bheith ag fiosrú ná athainmniú leabharlann an Berkeley– is úinéir sclábhaithe aitheanta a bhí san fhealsamh teidealach.

Gan amhras is forbairt dhearfach atá sa tionscadal seo don Tríonóid agus do stair na hÉireann i gcoitinne, ach ní bheidh sé éifeachtach ach má tá an Coláiste macánta agus cuiditheach faoin méid a aimsíonn sé.