Comment & Analysis
Editorial
Feb 22, 2021

Théis Dhá Bhliain, Ní Leor Tagairtí Mary Robinson maidir le Banphrionsa Dubai

Dúirt Robinson gur bhuail an teaghlach ríoga Dubai bob uirthi, ag tarraingt siar a tagairtí a dúirt sí in 2018 go raibh Sheikha Latifa mar ‘bhean óg imníoch’.

By The Editorial Board

Dhá bhliain ó shin, sheol Dr Mary Robinson Seachtain Ghlac Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide.

Fad agus a bhailigh sluaite mac léinn chun éisteacht le hóráid Robinson ar cheartas aeráide, níor tharraing sí mórán iniúchaidh dá tagairtí faoin mbanphrionsa Sheikha Latifa, nuair a dúirt sí gur “bean óg imníoch” a bhí inti sé seachtaine níos luaithe. Tharraing na tagairtí seo cáineadh idirnáisiúnta agus tugadh “fichillín toilteanach” ar Robinson i réimeas Dubai atá líomhaintí sáraithe ar chearta daonna dáiríre rompu.

An tseachtain seo, d’fhógair an nuachtán seo a fhís BBC a thaispeánann an Banphrionsa Sheikha Latifa ag rá go bhfuil sí ina príosúnachi villa gan aon chúnamh leighis nó dlí. Agus arís, tá Robinson– a tharraing siar a tagairtí, ag rá gur bhuail an teaghalch ríoga Dubai bob uirthi– ar tí cathaoirleachta a dhéanamh ar phainéal faoi athrú aeráide do Sheachtain Ghlas leis na hiarrathóirí propaist.

ADVERTISEMENT

Ag an am, scríobh an Bord Eagarthóireachta seo gur bhain ról Robinson i gconspóid Sheikha Latifa, an bonn óna cáil dá breithiúnas iontaofa. Anois, cuireann nasc Robinson leis an gcás, stádas na Tríonóide go hidirnáisiúnta i mbaol, agus ba chóir é a cheistiú.

Fiú anois, léiríonn ráiteas Robinson go bhfuil sí ag séanadh a freagrachta dá tagairtí. Tríd a rá nach raibh aon eolas aici ar na grianghraifeanna léi agus an banphrionsa, léirítear easpa breithiúnais dochreidte agus saontacht iontasach, go háirithe nuair a chuimhnítear ar a CV fairsing.

Dá mba rud é go raibh Robinson ag déanamh “breithiúnais” ar fholláine Latifa, mar a d’aitigh sí chomh maith agus go raibh sí in ann, ba chóir go mbeadh comhrá faoi bhréagnú neamhord dépholach Latifa riachtanach chun an bhreithiúnais sin a dhéanamh? Tarraingítear ceisteanna faoi bhreithiúnas Robinson toisc gur mbreagnaíodh an neamhord.

Is mórphearsa í Robinson san ollscoil– chaith sí fiche bliain mar Sheansailéir. Is ollscoil idirnáisiúnta í an Tríonóid a chuireann éagsúlacht agus ceartas chun cinn. Ní mór di ceisteanna a chur faoi stádás Robinson laistigh dá ballaí.