Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 6, 2021

Ceisteanna Maidir leis an bPróiseas Agallaimh mar Scamall ar Rás an Phropaist

Chuir Cláraitheoir an Choláiste Brendan Tangney ríomhphost go dtí an fhoireann acadúil uilig Dé hAoine ag cosaint próiseas toghcháin an Phropaist, tar éis gur éiligh an t-Ollamh Alyn-Stacey go mbainfear an coiste agallaimh ón bpróiseas.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Trí seachgtaine ó shin, fógraíodh na hiarrthóirí do thoghcháin an phrophaist, agus leis sin, tháinig an nuacht gur chuir coiste an agallaimh bac ar an t-Ollamh Sarah Alyn-Stacey rith sa toghchán.

Tháinig dícháiliú Alyn-Stacey faoi scrúdú arís an tseachtain seo tar éis gur thuairicigh an nuachtán seo ar ráiteas dá cuid le déanaí a d’éiligh go mbainfear an coiste agallaimh as reachtanna an Choláiste.

Muna raibh ráiteas Alyn-Stacey go leor chun amhras a chur ar dhaoine faoi ról acmhainní daonna (AD) agus an coiste agallaimh sna toghcháin propaist, ansin mhúscail an ríomhphost a sheol Cláraitheoir an Choláiste Brendan Tangney chuig gach ball foirne an lá dar gcionn ag dearbhú dóibh “go bhfuil an próiseas reatha go hiomlán de réir na reachtanna” spéis mhór sa ról doiléir a bhí ag an bpróiseas agallaimh i dtoghcháin propaist na bliana seo.

ADVERTISEMENT

D’imigh ríomhphost Tangney ar strae nuair a rinne sé iarracht dul i ngleic le cuid den cháineadh a rinne Alyn-Stacey faoi AD agus an coiste agallaimh. Ní raibh argóint an Ollaimh Alyn-Stacey go raibh vóta ag AD ar chor ar bith, ach go raibh ról suntasach ag AD sa phróiseas cinnteoireachta.

Bheadh ​​fáilte i bhfad níos mó roimh ríomhphost ag déanamh cur síos go mion ar an ról a bhí ag AD- agus an cúis gur is cosúil go raibh ról i bhfad níos mó aige sa toghchán seo i gcomparáid le deich mbliana ó shin. Níor chlúdaigh an ríomhphost na saincheisteanna seo, áfach. Mar shampla, an raibh an tástáil prima facie faoi thionchar AD agus cé chomh mór agus a bhí an tionchar aige ar an tástáil.

Bhain débhríocht an ríomhphoist an bonn den chúis gur scríobhadh é sa chéad áit. Toisc nach ndeachaigh an ríomhphost i ngleic le haon den cháineadh a cuireadh i leith an choiste agallaimh, tarraingíodh i bhfad níos mó airde ar an gceist. Ar deireadh thiar tá níos mó ceisteanna ardaithe ag a chuid muiníne faoin bpróiseas agallaimh, seachas iad a fhreagairt.

Inniu, d’iarr Cónaidhm Múinteoirí Ollscoile na hÉireann le haghaidh athbhreithniú ar an bpróiseas toghcháin. Ag an bpointe seo, laghadódh athbhreithniú den chineál sin imní daoine i bhfad níos mó ná ríomhphost.

Trí seachtaine ar aghaidh– agus gan aon toghchánaíocht d’iarrathóirí propaist ar feadh míosa– tá tionchar AD ar an gcoiste agallaimh fós i mbéal an phobail. Ag deireadh an lae, is beag a rinne an ríomhphost seo chun suaimhneas a chur ar an bhfoireann nó mic léinn, maidir leis an gcóras toghcháin.