Comment & Analysis
Editorial
Mar 23, 2021

Cén fáth nár Cheart Ainm eile a Thabhairt ar Amharclann Samuel Beckett

An tseachtain seo, tuairiscíodh go raibh an Tríonóid chun an Amharclann Samuel Beckett a athainmniú mar Lárionad na hEalaíona Cruthaitheacha.

By The Editorial Board

Ní inniu ná inné gur thosaigh daoine saibhre ag cur a n-ainmneacha ar fhoirgnimh. Is gníomh uasal atá ann, ach nuair a thagann an deontas le cearta ainmníochta ní mór do dhaoine ceistiú: an bhfuil an duine rachmach ag tabhairt deontais airgid toisc go bhfuil suim acu san fhoirgneamh, nó an bhfuil siad á n-ainmniú ar chúis eile?

An tseachtain seo caite, thuairiscigh an nuachtán seo go bhfuil sé beartaithe ag an gColáiste an Amharclann Samuel Beckett a athainmniú go dtí “Lárionad na n-Ealaíon Cruthaitheacha”, agus iarracht a dhéanamh ainm urraitheora a chur leis an bhfoirgneamh. Mar sin, tá an cheist seo an-tábhachtach don Tríonóid ag an nóiméad.

Is é an rud faoi d’ainm a chur le rud ná nach bhfuil comhthéacs ar bith ag teastáil chun é a dhéanamh agus de ghnáth níl aon bhaint aige le cad rinne an t-airgead duit ar an gcéad dul síos. Déanann Gary Silverman an pointe seo ina cholún don Financial Times in 2015. Ag an am, chur Sandy Weill, iar-phríomhaidhmeannach Citigroup, a ainm le roinnt mhaith insitiúdí tríú-leibhéal.

ADVERTISEMENT

Mhol Silverman go mbeadh Weill níos fearr as ag íoc as na táirgí a chiallaigh go mbeadh sé in ann an airgid a thabhairt do na scoileanna sin ar an gcéad dul síos. B’fhéidir, dar leis, go n-íocfadh sé an t-airgead in ómós do “Choláiste Leighis Fophríomha” nó “Halla an Árachais Saoil”. B’fhéidir d’fhéadfadh an Tríonóid ceist a chur air urraíocht a thabhairt don fhoirgneamh nua agus go dtabharfaidís “Lárionad na n-Ealaíon Cruthaitheacha Easchósta”?

Ní hamháin go mbuanaíonn sé cuimhne de dhuine saibhir, buanaíonn sé cuimhne sa chaoi ina gcuimhnítear orthu mar gheall ar an scoil iontach gur thug siad airgead dóibh nó an obair iontach atá ar bun ag an scoil, seachas le haghaidh, mar a bhí le Weill, na bealaí náireacha go bhfuair siad a saibhreas.

I No Logo, déanann an t-iriseoir Naomi Klein cur síos ar ollscoileanna mar “spásanna nach mór sacráilte” a “chuireann i gcuimhne dúinn go bhfuil spásanna gan bhranda fós féideartha”. Níl aon rud mícheart le daoine saibhre ag tabhairt airgid ar ais, ach ní mór don Choláiste cuimhniú cad atá i gceist le hollscoil nuair a théann siad ar tóir duine shaibhir– nó comhlacht– chun a n-ainm a chur ar ionad nua. Agus gan dearmad a dhéanamh ar an t-ainm atá ann faoi láthair agus ceann nua ag teacht ina áit.