Comment & Analysis
Mar 3, 2021

Nár chóir duit a bheith ar Erasmus?

Níl ag cailliúnt amach ar Erasmus mar an rud is uafásaí ar domhan, ach fós féin do na mic léinn a bhaineann sé leo, nach olc an scéal é, dar le Alannah Ní Mhuirí.

Alannah Ní MhuiríLeas-Eagarthóir na Gaeilge

Bhuel anseo táimid, fós i bhfostú i nglasáil, fós in Éirinn beagnach bliain tar éis gur d’fhógair an rialtas an chéad dianghlasáil. Tá sé ag stealladh báistí agus tá griscíní muiceola déanta ag mo mháthair don dinnéar den tríú huair an tseachtain seo. Fuair mé cuireadh chuig Zoom eile agus is beag nár chaith mé mo ríomhaire amach an fhuinneog. An bhfuil a fhios agat cá háit ar cheart dom a bheith? Sa Ghearmáin, i m’árasán fhéin, ag ól gach oíche le mo chairde agus ar mo sháimhín só ar Erasmus.

Ach chur an coróinvíreas bac orm.

Tagann mearbhall orm nuair a smaoiním ar cad a bheadh ar siúl agam dá mbeinn ar Erasmus faoi láthair. Ag smaoineamh faoin saol atá saor ón gcoróinvíreas, i dtír iasachta, ag sú na gréine agus ag ól an iomarca fíona. Ó tá sé pianmhar. Tá sé saghas ar nós tá an F.O.M.O is measa a bhí agat riamh. Agus fós féin, ní feidir aon rud a dhéanamh faoi seachas gearán. Dáiríre, níl aon rogha eile agam ach gearán a dhéanamh. Ní féidir liom, agus ní chóir dom léimt ar eitleán agus a rá go bhfuilim chun dul d’ainneoin na srianta.

ADVERTISEMENT

Thairis sin, tá mo chuid chairde bréan dom a bheith ag labhairt faoi, ach is cinnte, a shíl mé go bhfuil an dearcadh céanna ag mic léinn eile, agus mar sin de bheartaigh mé mar sin mo chuid gearán a dhéanamh go heirmúil agus é a chur i bpíosa scríofa.

Nílim an t-aon duine atá ag dul tríd é seo faoi láthair. Tá a lán mac léinn mar an gcéanna liomsa, i bhfostú sa bhaile agus ag iarraidh gan smaoineamh ar cad atá á chailliúnt acu. Ach tá sé thar a bheith deacair gan smaoineamh ar an saol Erasmus. Fiú agus an coróinvíreas fós timpeall, is dóigh liom go bhfuil mic léinn a b’fhearr leo a bheith ag deileáil leis an bpaindéim i dtír eile, seachas ina seomraí óige.

Ach tá cás difrúil ag gach duine. Ar nós na mac léinn a ndeachaigh ar Eramus d’ainneoin na paindéime, ní raibh an coróinvíreas riamh chun iad a stopadh. Dár ndóigh i roinnt cúrsaí, tá Erasmus éigeantach agus ní raibh aon rogha acu ach imeacht.

Agus ansin tá na mic léinn a rinne an cinneadh chun dul thar lear don leath bhliain seachas don bhliain iomláin. Is rogha deas atá ansin. Tá sé saghas cosúil le nóimead Hannah Montana leis an gcuid is fearr den dá rud.

Ar aon chuma, bhí cinntí deacra ag a lán daoine a bhí a mbliain Erasmus acu. Ar chóir dóibh imeacht, ar chóir dóibh fanacht? An mbeidh an phaindéim níos measa fós ansin? An mbeidh said níos fearr as thal ansin greamaithe ar Erasmus nó greamaithe anseo? Is ceisteanna deacra a bhí iontu dár ndóigh. Ach ar a laghad bhí rogha acu ar an ábhar.

Mar ag bun an liosta tá na mic léinn, nach raibh aon chur isteach acu ar an scéal ar chor a bith, agus cealaíodh a Erasmus díreach. Ní raibh aon rogha ann, ní raibh aon smaoinigh faoi, bhí Erasmus ar cheall. Sílim go bhfaca a lán daoine é ag teacht ach ní raibh éinne ag iarraidh a admháil go raibh sé i ndan dóibh. Ní raibh éinne ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar an bhfírinne go gcuirfí Erasmus ar ceal ar feadh tréimhse éiginnte agus nach raibh éinne in ann faic a dhéanamh faoi.

Anois is bliain í seo óna ndeachaigh cúrsaí ina gcíor tuathail, agus ag an bpointe seo tuigimid ar fad ar ndóigh go bhfuil nithe i bhfad níos measa ná do sheans chun dul ar Erasmus a chailliúnt. Tá sé cinnte síos ar bun an scála de na rudaí b’ainnise, ach fós féin, do na mic léinn a mbaineann sé leo, nach olc an scéal é. Bhí mhic léinn ag tnúth go mór leis ón am a tháinig siad isteach geataí an Choláiste ach anois tá an seans imithe. Is cuid lárnach é de shaol na mac léinn an lae inniu agus chaill líon mór amach ar an deis.

Ach ag deireadh an lae níl aon rud eile gur féidir a dhéanamh ach a rá ‘is é atá ann’ agus bogadh ar aghaidh. Beidh lá eile an, beidh am eile chun an domhain a thaisteal. Ach an mbeidh Erasmus eile? Ní do lucht na bliana seo. Ach tá muinín agam fós do lucht bhliain seo chugainn, le pleannanna Erasmus do 2021 tar éis tosnú thana féin ina lán ranna. Leis an instealladh ar muin na muice anois tá seans i bhfad níos fearr ag an scata mac léinn an bhfuil ag siúl lena Erasmus an bhliain seo.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.