Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 15, 2021

Ní Mór Cothromaíocht Inscne a Fheabhsú i Measc Ollscoileanna

D’fhógair Ollscoil Mhaigh Nuad an tseachtain seo go mbeidh an tOllamh Eeva Leinonen mar a céad uachtarán eile – beidh sí mar an tríú bhean chun a bheith i gceannas ar ollscoil Éireannach.

Leis an mBord Eagarthóireachta

An tseachtain seo, d’fhógair Ollscoil Maigh Nuad go gcuirfidh an t-Ollamh Eeva Leinonen tús lena téarma mar uachtarán ar an gcoláiste an Deireadh Fómhair seo chugainn, rud a ciallíonn go mbeidh sí mar an tríú bhean ina uachtarán riamh ar ollscoil in Éirinn. In ainneoin na tábhachta a bhaineann leis i gcomhthéacs an ardoideachais, is beag airde a fuair sé ó na meáin.

Scríobh an Bord Eagarthóireachta seo cheana gur céim sa treo ceart a bhí sa cheapachán de bhean mar uachtarán eatramhach in Ollscoil Luimnigh, ach “nach mbriseann sé an uasteorainn gloine”.

Bhíothas ag súil munar tógadh tuilleadh céimeanna chun dul i ngleic leis an gceannaireacht fireann den chuid is mó in ollscoileanna, nach ndéanfadh an ceapachán seo mórán chun dul i ngleic leis an eagothromaíocht inscne ar fud an ardoideachais. Mar sin féin, toisc go mbeidh an chéad phropast eile ina bean, agus toisc go bhfuil uachtarán reatha Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan – an t-Ollamh Maggie Cusack– mar bhean, is cosúil, de réir a chéile go bhfhuil níos lú tionchair ag fir sna huasaicmí rialachais ollscoile.

ADVERTISEMENT

Níl sna huasaicmí ach cuid amháin de chomhra níos leithne maidir le cothromaíocht inscne is nach mór a bheith ann. Tá go leor le déanamh fós chun mná a éascú thar gach céim den ardoideachas. Mar shampla, thuairiscigh an nuachtán seo an tseachtain seo ar na saincheisteanna a bhíonn ag mná i réimse na taighde aeráide– réimse atá ag éirí níos cothroime, ach tá constaicí móra fós ann do mhná.

Cé go bhfuil an Tríonóid ag déanamh dul chun cinn maidir le hionchais gairme na mban a fheabhsú ceannaireacht na bhfear a laghdú, is fiú cuimhneamh ar na heasnaimh agus na botúin atá déanta aici– tóg mar shampla, praiseach na bliana seo caite maidir le Athena SWAN agus an meastachán go mbeidh easnaimh in iarratais na Tríonóide agus iad ar tóir duaise airgid.

Ina theannta sin, i measc an iliomad saincheisteanna a nocht an paindéim, tá an easpa tacaíochta suntasaí d’acadóirí atá ina dtuismitheoirí tagtha chun tosaigh de réir mar oibríonn níos mó daoine ón mbaile. Tá tionchar díréireach aige seo ar mhná. Léirigh staidéar ón mbliain seo caite gur thit líon na n-alt taighde a d’fhoilsigh mná chun deiridh ar tháirgiúlacht na bhfear le linn na paindéime.

Mar sin, cé go bhfuil fáilte roimh nuacht na seachtaine seo, ní mór na gluaiseachtaí seo a athchruthú ar fud na ngrádlathas acadúla. Is ansin amháin gur féidir linn a bheith cinnte go bhfuil fíor-athrú ar bun.