Radius
Mar 6, 2021

Plé Cuimsitheach ar Chúrsaí Inrochtaineachta Mar Chuid de Sheachtain na hÉigse

D’eagraigh Scéim Chónaithe na Mac Léinn an ócáid.

Róise HannanScríbhneoir Cúnta
blank
Alex Connolly for The University Times

Tráthnóna Céadaoin reáchtáil an Scéim Chónaithe ‘Plé Painéil ar Chúrsaí Inrochtaineachta’ mar chuid de Éigse na Tríonóide. Tharraing Niamh Herbert, Oifigeach um Chearta do Dhaoine faoi Míchumas, agus Harry O’Brien, ceannaire de Chomhchumann Cumais na Tríonóide (Co_op) aird ar an méid oibre atá le déanamh maidir le cúrsaí rochtanais sa Choláiste. I rith an phlé, rinne Herbert agus O’Brien cur síos ar na deacrachtaí a bhíonn ag mic léinn faoi mhíchumas sa Choláiste, idir ábhar foghlama neamh-inrochtana agus foirgnimh neamh-inrochtana.

Luaigh na haoichainteoirí na deacrachtaí a bhíonn ag mic léinn an Choláiste faoi mhíchumas fisiciúil de bhrí nach bhfuil neart de foirgnimh an Choláiste neamh-incrochtana dóibh. Dúirt Herbert gur “siombail é Teach 6 de Choláiste na Tríonóide” agus is deimhniú eile ar na fadhbanna inrochtanais atá sa Choláiste go bhfuil an foirgneamh seo neamh-inrochtana. Faoi láthair is é an bunurlár an t-aon chuid den fhoirgnimh atá inrochtana. Is ábhar é seo atá i mbéal an phobail Ghaeilge sa Choláiste le déanaí leis an fheachtas a sheol an Cumann Gaelach agus Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide (TCDSU) i Mí Feabhra le Seomra na Gaeilge a dhéanamh níos inrochtanaí. Faoi láthair níl aon bhealach éasca isteach do chathaoireacha rotha mar caitear socrúchán a dhéanamh roimh ré. Déanfaidh Oifig na n-Eastát agus Saoráidí athbreithniú ar an fheactas maidir le Seomra na Gaeilge i mí Aibreán. Ní hé Seomra na Gaeilge an t-aon fhoirgneamh atá lárnach i saol sóisialta an Choláiste nach bhfuil oiriúnach do chách– thagair Herbert don GMB sa phlé freisin.

Ní hiad na foirgnimh neamh-rochtana amháin, áfach, a chuireann bac ar mhic léinn le míchumas, dar le Herbert agus O’Brien. Dúirt Herbert go bhfuil srianta na paindéime “ag tabhairt léargais do dhaoine ar na fadhbanna a bhíonn roimh daoine faoi mhíchumas, gaibhnithe laistigh.”

ADVERTISEMENT

Dúirt O’Brien ónár bhog an mhór chuid de léachtaí ar líne, ceann de na fadhbanna is mó a tuairiscíodh ná nach bhfuil na hábhair fhoghlama i gcónaí inrochtana do dhaoine faoi míchumais. Luaigh sé an fhadhb a bhíonn ag daoine lagamhairc le caighdeán na n-ábhar a ndéantar scanadh orthu. In ainneoin na deacrachtaí seo “is féidir na fadhbanna seo a réiteach,” dar leis. Bhí an bheirt go mór i bhfábhar go dtabharfaidh an Coláiste rogha do mhic léinn bheith ag obair ón mbaile nuair a thagann deireadh leis an bpaindéim, mar is mór an chuidiú a bheadh seo dóibh siúd faoi mhíchumas.

Luaigh na haoichainteoirí fosta an méid ar féidir le cumainn an Choláiste a dhéanamh le himeachtaí a reáchtáil a bhfuil teacht níos fearr ag daoine faoi mhíchumais orthu. Mhínigh O’Brien go mbeadh sé ina chuidiú mhór do dhaoine faoi mhíchumais, nuair a mbíonn imeachtaí ar siúl ar champas arís, dá gcuideoidh na cumainn le daoine teacht ar na himeachtaí seo. Dúirt sé fosta go bhfuil fáil ag gach cumainn ar ateangaire. Is féidir an tseirbhís seo a chur ar fáil agus na himeachtaí ar líne chomh maith.

Ghabh na haoichainteoirí a mbuíochas leis an Scéim Chónaithe as an ócáid seo a reáchtáil. “Is iad imeachtaí cosúil le seo a chuidíonn le feasacht a fheabhsú,” a dúirt O’Brien.

Ceartúchán: 15:32, March 11th, 2021
Dar leis an leagan roimhe seo, dúradh nach raibh teacht ar bith ar Sheomra na Gaeilge dóibh siúd i gcathaoireacha rotha. Athraíodh é seo nuair a shoiléirigh Oifigeach na Gaeilge Áine Ní Shuarach go bhfuil teacht ar Sheomra na Gaeilge dóibh siúd i gcathaoireacha rotha ach caitear socrú a dhéanamh roimh réidh.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.