Comment & Analysis
Eagarfhocal
Apr 6, 2021

Ní féidir aon Mhaitheas Teacht ón GSU ag Scaradh ó TCDSU

An tseachtain seo cuireadh rún chun cinn a bhfeicí Aontas na Mac Léinn Iarchéime ag scaradh go foirmiúil ó TCDSU.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Tá Aontas na Mac Léinn Iarchéime (GSU) tar éis níos mó ama a chaitheamh ar na leathanaigh eagarthóireachta seo le déanaí ná mar atá go maith dó. Bhí bliain chorrach ag an aontas, ón láimhseáil áiféiseach ar thorthaí suirbhé a rinne Grúpa um Chearta Oibrithe PhD na Tríonóide go dtí calaois vótálaithe féideartha ina thoghcháin ionadaíochaí ranga, chuig a chomhaltaí ag pléascadh faoin “gcíor thuathail” a bhain lena CGB.

Anois, tá plean curtha chun cinn ag an GSU chun scaradh go foirmiúil ó Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide (TCDSU), a dhéanfadh é an “t-aon eagraíocht a dhéanann ionadaíoch ar mhic léinn iarchéime na Tríonóide” – cé go ndearna TCDSU é seo a bhréagnú.

Éilíonn an plean nach bhfuil TCDSU “in ann ionadaíocht a dhéanamh i gceart ar son na mac léinn iarchéime” toisc go bhfuil “easpa taithí maireachtála de mhic léinn iarchéime acu”. Beidh baill tofa an GSU, mar an rud “is éifeachtaí chun imní ó bhaill an Aontais a chur in iúl”.

ADVERTISEMENT

Tá an GSU tar éis bagairtí tromchúiseacha ar a chreidiúnacht a fháil cheana féin i mbliana, le teacht chun cinn an Ghrúpa um Chearta Oibrithe PhD na Tríonóide. Níl sa scaradh ó TCDSU ach eachtra eile ón GSU chun olc a chur ar ghrúpa a bheadh an aontas in ann obair le go cuiditheach. Is mó an láidreacht idir an dá ghrúpa nuair a oibríonn siad le chéile – mar a bhí an cás leis na hagóidí Take Back Trinity.

Ní feidir le haon rud maith teacht as an rún seo a rith, go háirithe os rud é go ndúirt TCDSU go leanfadh siad ar aghaidh ag déanamh ionadaíochta ar son leasanna na mac léinn iarchéime fiú má scarann an GSU uathu. Is fíor go bhfuil roinnt aidhmeanna éagsúla ag an dá aontas, ach is cinnte go bhfuil saincheisteanna ar nós lóistín agus an tslí a chaithtear le mic léinn le linn na paindéime thar a bheith tábhachtach don GSU agus TCDSU. Ní dhéanann scaradh an GSU ach guth stocaireachta comhchoiteann na mac léinn a lagú.

Cé go bhfuil cás le déanamh go bhfuil dhá aontas ag déanamh ionadaíochta ar ghrúpa amháin– iarchéimithe– an iomarca, ní dhéanann sé ach teipeanna an GSU a mhéadú i mbliana. Is aontas níos mó é TCDSU le guth níos láidre ar shaincheisteanna coitianta. Murar féidir leis an GSU déileáil go héifeachtach le saincheisteanna iarchéime ar nós dálaí oibre, is cinnte nach mbeidh siad in ann stocaireachta a dhéanamh ar shaincheisteanna ina bhíonn TCDSU go stairiúil chun cinn.

Níl an GSU mar atá sé faoi láthair, in ann ionadaíochta a dhéanamh dá bhaill ina aonar, agus beidh sé níos fearr don dhá aontas fanacht le chéile.