News
Apr 15, 2021

Scéim ‘Gníomhaí Gaeilge’ Seolta ag USI agus Conradh na Gaeilge

Tosóidh an scéim sa bhliain acadúil 2021/22 do mhic léinn tríú-leibhéal, Cumainn Ghaelacha, agus ionadaithe Aontais Mac Léinn.

Alannah Ní Mhuirí and Jennifer Ní Chiara
blank
Róisín Power for The University Times

Sheol Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) agus Conradh na Gaeilge scéim nua meantóireachta, gradaim agus aitheantais le haitheantas, do mhic léinn tríú-leibhéal a bhíonn gníomhach chun na Gaeilge a chur chun cinn ina gColáistí ag painéal inné.

Beidh ceithre chuid i gceist leis an scéim– meantóireacht, oiliúint, teastasú agus gradaim. Dar le preasráiteas ó Chonradh na Gaeilge, cuirfear “meantóirí le comhairle, tacaíocht agus moltaí a chur ar fáil do na mic léinn agus ionadaithe mic léinn” a ghlacann páirt sa scéim. Reáchtálfar ceardlanna oiliúna a ionas go mbeidh na “scileanna cuí a bheidh ag teastáil lena bplean oibre a chur i gcríoch”. Beidh iad siúd a éiríonn leo sa scéim “i dteideal teastas Gníomhaí Gaeilge” freisin.

I dtaca sin, beidh gradam “Gníomhaí Gaeilge” ar fáil d’Aontais agus Cumainn Ghaelacha “má éiríonn leo a gclár oibre aontaithe leis na meantóirí amach”. Ní bheidh an gradam seo iomaíoch ach ina “aitheantas don Aontas nó don Chumann ar rathúlacht a gclár oibre.”

ADVERTISEMENT

Labhair Uachtarán an Chonartha Niall Comer agus Leas-Uachtarán don Ghaeilge don USI Clíodhna Ní Dhufaigh faoin gcóras nua. Ag an seoladh dúirt Comer “Aithníonn muid go bhfuil dul chin cinn suntasach déanta leis an nGaeilge sna instidúidí triú léibheal, ach táimid don turaim anois go bhfuil sé in am dúinn suigh síos agus structúir níos forbartha agus níos láidre a thógáil le chéile agus a chuireann béim ar an nGailge agus sin a bhfuil i gceist leis an scéim nua seo, Gníomhaí Gaeilge”

Dúirt Ní Dhufaigh “An aidhm atá ag Gníomhí Gaeilge na chur chuige comháite idir Conradh na Gaeilge agus institiúidí tríú leibhéal a chur i bhfeidhm, le fhorbairt a dheanmah ar gcaoi a cuirtear an ghaeilge chun cinn sna instidiudí triú léibheal. Dúirt Ní Dhufaigh “Tá dul chun cinn ollmhór le féicáil sna hAontas Mac Léinn ó a thosaigh siad ar an scéím sin, le rólanna chruthaithe sna hoifigí Gaeilge agus lóistín anois cuirthe ar fáíl ar champas.”

Labhair Niamh Ní Chróinín, Bainisteoir Raidió Rí-Rá, Osgur Ó Ciardha, duine de bhunaitheoirí an Pop-up Gaeltacht, Caoimhe Ní Chathail, Láithreoir Teilifíse agus Raidió agus John Prendergast, Oifigeach Pleanála Teanga le Tobar Dhuibhne, ag an bplé painéil anocht. Labhair an bpainéil faoi na scileanna a bhfuil le phiocadh suas ó a bheidh ag comhoibriú le Cumann agus tacaoícht a tiocfaidh leis an scéim. Tar éis comhrá an phainéil bhí seans ceistenna a chur, faoin scéim agus cad go díreach a bhí i gceist.

I preasráiteas ó Chonradh na Gaeilge dúirt Comer, go bhfuil “Conradh na Gaeilge agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn ag comhoibriú leis na Cumainn Ghaelacha agus leis na hOifigigh Ghaeilge sna coláistí tríú leibhéal len iad a fhorbairt, a láidriú agus a mhéadú ó 1998”. “Aithníonn muid an dul chun cinn suntasach atá déanta agus táimid den tuairim go bhfuil sé in am dúinn anois tógáil ar an struchtúr láidir tógtha againn le chéile. Sin atá i gceist againn leis an scéim nua Gníomhaí Gaeilge,” dar leis.

I bpreasráiteas feicthe ag The University Times dúirt Uachtarán an USI, Lorna Fitzpatrick “go dtugann na mic léinn gníomhach ar son na Gaeilge” in institiúidí tríú-leibhéal “splanc do ghluaiseacht na Gaeilge tríd tionscadail, imeachtaí agus feachtais éagsúla a eagrú agus tá toradh na hoibre sin le feiceáil le cúpla bliain anuas”. Leis an scéim, dúirt Fitzpatrick go bhfuil siad ag iarraidh aitheantais a thabhairt do mhic léinn “as an obair den scoth a dhéanann siad go deonach le deiseanna úsáid Gaeilge a chur ar fáil agus leis an teanga a spreagadh i measc mac léinn.”

Tosóidh an scéim sa bhliain acadúil 2021/22.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.