Comment & Analysis
Eagarfhocal
Apr 20, 2021

Tá an Scoil Ghnó go hIontach don Tríonóid. Tá an Aird Chéanna Tuillte ag Scoileanna Eile

Dúirt Déan Scoil Ghnó na Tríonóide Andrew Burke leis an bhfoireann, mura dtoghfaí Hogan, go mbeadh sé ina ‘baol’ do ghnóthachain na scoile a bhaintear amach le blianta beaga anuas.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Tuairiscíodh sa University Times an tseachtain seo gur chuir Déan an Scoil Ghnó na Tríonóide Andrew Burke ríomhphost chuig baill na scoile ar lá toghcháin an Phropaist, ag rá mura dtoghfaí an tOllamh Linda Hogan, go mbeadh gnóthachain an Scoil Ghnó le cúpla bliain anuas i mbaol.

Ní haon ionadh é, dar ndóigh, go mbeidh scoileanna san iomaíocht d’aird – tá easpa airde ann sa Tríonóid agus tugann gach iarrthóir propaist ionchais éagsúla do scoileanna éagsúla.

Ach, cé go bhfuil cead dul i mbun feachtais ar son aon duine is mian leat, tá sé díomách, gur sheol ceann scoile ríomhphost a dhírigh go dlúth ar an tionchar a bheadh ​​ag an toghchán ar a scoil amháin – fiú dá mba rud é go raibh sé i mbun feachtais phearsanta.

ADVERTISEMENT

D’éirigh go hiontach leis an Scoil Ghnó le blianta beaga anuas – ag baint amach creidiúnú triarach agus ceann de na foirgnimh is suntasaí ar an gcampas a fháil. Gan amhras is rud maith é seo don ollscoil, agus ba cheart go leanfadh an Propast tofa Linda Doyle ag tacú leis.

Ach in éineacht leis sin caithfidh go dtagann suaithinseacht a scarann ​​é ón gcuid eile den ollscoil. Ag deireadh an lae, níl aon Scoil Staire na Tríonóide ná Scoil Mata na Tríonóide.

Is maith an rud é go bhfuil an Scoil Ghnó faoi bhláth. Ach cé go maoiníonn brabúis na Scoileanna Gnó réimsí eile den choláiste, tá an meas agus an tábhacht chéanna tuillte ag scoileanna eile. Níor cheart go gceapfadh scoileanna go mbeidh siad ag fulaingt toisc gur toghadh duine amháin thar dhuine eile nó go bhfuil cóir speisialta tuillte acu.

Tá taighde agus teagasc thar réimse leathan d’ábhar agus disciplíní mar chuid fíor-thábhachtach d’ollscoileanna. Is bóthar nach cheart do Doyle leanúint, é ag díriú ar ábhair faoi leith.

Ní hamháin go ndéanfaidh sé an Coláiste a scaradh óna chéile, ach rachaidh sé i gcoinne na tábhachta den chomhoibriú idirdhisciplíneach a luadh chomh minic i rith toghcháin an Phropaist.