Comment & Analysis
Eagarfhocal
Apr 13, 2021

Tá Údar le Frustrachas na Foirne Ceimice faoi Rialacha Fairsinge COVID

An mhí seo caite, cuireadh an chuid is mó de na praiticiúlachtaí saotharlainne ceimice ar ceal mar gheall ar threoirlínte nua an Choláiste.

Leis an mBord Eagarthóireachta

An tseachtain seo, thuairiscigh an University Times go raibh frustrachas ar fhoireann na Ceimice le feidhmiú rialacha nua ón Tríonóid a thugann chiallaíonn nach féidir gníomhaoíchtaí aghaidh ar aghaidh a bheidh ach uair agus 45 nóiméad ar a mhéad, rud a chiallaíonn nach féidir le daoine atá ag obair sna seomraí céanna a bheidh mar “gartheagmháil” ag an HSE.

Dá bharr seo, b’éigean do Scoil na Ceimice a cuid ranganna praiticiúla saotharlainne a chur ar ceal. Tá an díomá a bhraitheann na baill foirne mar gheall ar an gcealú intuigthe. Le linn bliana cráite le srianta leibhéal a cúig, d’éirigh go maith leo chun cásanna a bhain le saotharlanna a choinneáil ag nialas. Ní raibh aon tairbhe is dócha le hiarrachtaí na foirne ceimice teagasc pearsanta a chóimead slán.

Tá sé ag éirí níos soiléire nach ar mhaithe le sábháilteacht an phobail amháin atá na rialacha nua seo á chur i bhfeidhm, ach ar ionas nach mbeidh ar an gColáiste mic léinn a rangú mar dhlúth-theagmhálaithe. Cad i ndáiríre í an difríocht idir a bheith i saotharlann ar feadh uair agus 45 nóiméad agus a bheith ann do dhá uair a chloig?

ADVERTISEMENT

Tá na treoirlínte seo tar éis athstruchtúrú a dhéanamh ar chóras áirithinte na leabharlainne freisin. Ach i gcomparáid leis sin, is féidir a rá go bhfuil na saotharlanna i bhfad níos sábháilte ná an leabharlann. Tá aeráil sásúil sna saotharlanna agus caithfidh na rannpháirtithe roinnt réamhchúraimí sábháilteachta a dhéanamh.

Scríobh an Bord Eagarthóireachta seo cheana nach mór don Choláiste a bheith leanúnach agus é ag déileáil le ranganna saotharlainne. Ach ní hamháin nach mór dó a bheith leanúnach, ní mór dó a bheith tuisceanach freisin. D’oibrigh an fhoireann ceimice go crua chun a chinntiú go raibh na saotharlanna sábháilte le bheith ag obair iontu agus go bhféadfaidís taithí phraiticiúil riachtanach a sholáthar do mhic léinn. Anois, baineadh an obair ar fad sin uathu, mar gheall ar, ina bhfocail fhéin, rialacha “treallacha”.

Beidh fadhbanna ann i gcónaí le cinneadh ón mbarr anuas gan idirphlé sásúil leo siúd atá buailte leis an gcinneadh. Níl aon difríocht le frustrachas na foirne ceimice leis an gcinneadh ginearálta seo ón gColáiste. Ní mór leis an Tríonóid teagmháil a dhéanamh leo siúd a atá sí ag cur srianta orthu.