Comment & Analysis
Eagarfhocal
Apr 13, 2021

Tús le Ré Nua don Tríonóid atá i dToghchán Linda Doyle

Toghadh an tOllamh Linda Doyle mar Phropast na Tríonóide, a chiallaíonn go bhfuil sí mar an gcéad bean phropast i stair an Choláiste.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Bhí lucht tacaíochta ríméadach agus na hoifigigh is sinsearacha sa Choláiste i dteannta leis an gcéad Propast eile don Tríonóid, an tOllamh Linda Doyle, lena bua a chéiliúradh. I measc na lúcháire, áfach, bhí aiteas le brath. Is léir do chách méid an taisc atá os comhair Doyle.

I dtosach, ceiliúraimid cad atá bainte amach ag Doyle. D’éirigh léi an ghreim 429 bliain a bhí ag fir ar an oifig is airde sa Choláiste le mandáid ollmhór agus go leor poiblíochta. Chur sí tús le ré nua don Tríonóid.

Ach i dtaca sin, chur sí tús le ré nua le teachtaireacht faoi athrú atá go huile agus go hiomlán neamhbhainteach lena hinscne. Rith sí ar chlár a bhí an-bhreithiúnach faoi chúrsaí na Tríonóide. Vótáil go leor d’fhoireann an Choláiste dá teachtaireacht maidir leis an gcumhacht a dílárú agus bogadh ón mbéim ar rangú na Tríonóide, atá ag titim.

ADVERTISEMENT

Geallann sí go mbeidh sí ina crann taca ag gnáth baill foirne agus gnáth mic léinn, agus tá sí scoite a dóthain ó na haicmí is airde sa Choláiste chun go mbeidh sé seo ina ghealltanas intuigthe. Tá baill foirne agus mic léinn bréan den treo atá an Coláiste ag dul agus tá muinín acu as Doyle chun é seo a athrú.

Tá na constaicí atá ag na hathruithe seo go maith ar eolas ag an bpointe seo. Níor imir an coróinvíreas– d’aineoinn a uileláithreacht– ról chomh mór agus a bhíothas ag súil le sa toghchán. Chaith iarrathóirí cuid mhór den fheachtas ag leagadh síos a bhfíseanna dóchasacha don Tríonóid, ach faoin am go mbíonn an vacsaín ag pobal an Choláiste, tá seans ann go mbeadh na físeanna seo as dáta.

B’fhéidir go dtapóidh na pleananna athstruchtúraithe beartaithe rialtais an dáta éaga atá ag fís Doyle. I láthair na huaire tá do-earráideacht an Phápa de chineál éigin ag an bPropast. Má bheartaíonn an rialtas chun a smacht ar institiúdí tríú-léibhéil a mhéadú, laghdófar an chumhacht seo– go deimhin, d’fhéadfadh sé seo a bheith mar an dtoghchán Propaist dheireanach a bhíonn againn riamh.

Aisteach go leor, bhí ról lárnach ag athrú aeráide sa toghchán, agus bhí sin mar cheann de na laigeachtaí a bhí ag Doyle. Dhiúltaigh sí geallúint go mbeidh astaíochtaí neodracha ag an Tríonóid faoi dheireadh a ré mar Phropast, agus tá an chosúlacht ar na geallúintí do leas-propast don inbhuanaitheacht agus oifig nua chun déileáil le hathrú aeráide ina gcomharthaí go bhfuil an fhadhb á chur ar an méar fhada.

Mar sin féin, bhí spiorad a fheachtais go maith. Is sprioc uasal atá ann an chumhacht a thabhairt ar ais do phobal na Tríonóide. Braitheann baill foirne agus mic léinn– le ceart nó le héigeart– go dtugann an Coláiste neamhaird orthu, mar sin tá fáilte roimh chomhrá níos oscailte idir na daoine a thugann na horduithe agus na daoine a leanann iad.

Tá fáilte freisin, roimh chur chuige i leith bainistíochta an Choláiste nach bhfuil bunaithe ar rangú. Ní cóir go ndéanfadh an Coláiste cinntí móra stráitéiseacha chun géilleadh le QS agus Times Higher Education , dhá chomhlacht phríobháideach nach bhfuil freagracht acu d’éinne. Bhí dearbhú Doyle “go spreagfaidh ár n-iompar an rangú”, seachas an bealach eile, simplí, ach tá an dearcadh ginearálta le moladh.

Fad agus atá go leor éiginnteachta fós ann, is cosúil nach mbeidh Doyle in ann dul a bealach féin go hiomlán. Is cinnte go mbeidh comhréitigh– bainteach leis an idé-eolaíocht agus airgeadas– ag teacht agus tá fírínní de shaol an Phropaist– fiú sna tréimhsí maithe– crua.
D’aineoinn seo, is féidir linn a bheith cinnte go bhfuil Doyle an-cháilithe agus go bhfuil teachtaireacht dóchasach aici. Más féidir léi fanacht leis, is féidir leis an Tríonóid, i bhfocail Doyle í féin, “a bheith i bhfad níos mó ná mar atá”.