News
Apr 9, 2021

USI Chun Brú a Chur ar Chomhlachtaí Poiblí an Síneadh Fada a Aithint

Chuir Muireann Nic Corcaráin, Iar-Oifigeach na Gaeilge TCDSU agus an Leas-Uachtarán don Ghaeilge tofa don USI an rún chun cinn.

Jennifer Ní ChiaraEagarthóir na Gaeilge
blank
Sinéad Baker for The University Times

Glacadh le rún inné ag Comhdháil Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) ina bhfeicfear an Leas-Uachtarán don Ghaeilge don USI ag déanamh stocaireachta ar chomhlachtaí san earnáil phoiblí sa Tuaisceart agus sa Deisceart chun aitheantais a thabhairt don síneadh fada.

Is í Muireann Nic Corcráin, Iar-Oifigeach na Gaeilge Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide (TCDSU) agus an Leas-Uachtarán Gaeilge don USI Tofa a mhol an rún ar an lá deireanach den Chomhdháil.

I ráiteas ríomhphoist leis an University Times dúirt Nic Corcráin, “Tá áthas orm gur éirigh leis an rún seo inné ag Comhdháil USI, go háirithe tar éis feachtas rathúil maidir le síneadh fada a fháil ar chártaí aitheantais i Tríonóid anuraidh.”

ADVERTISEMENT

“Léirigh sé sin go bhfuilimid in ann dul i ngleic leis an bhfadhb seo ach nach dtuigtear cé chomh tábhachtach is atá sé dóibh siúd atá ag iarraidh a n-aimneacha bheith i gceart mar is ceart agus is cóir,” dar léi. D’oibrigh Nic Corcráin leis an gClárlann Acadúil agus í ina hOifigeach Gaeilge TCDSU chun an síneadh fada a thabhairt isteach.

Le glacadh an rúin, beidh ar an Leas-Uachtarán don Ghaeilge obair le “Our Fada”, feachtas a tosaíodh in Ollscoil na hÉireann Má Nuad (NUIM) chun aird a dhíriú ar an easpa cearta atá ann maidir leis an síneadh fada in eagraíochtaí stáit agus a léiríonn an easpa aitheantais mar shárú féideartha den dlí GDPR.

Dar le Nic Corcráin ina ráiteas ríomhphoist, “Tá feachtais ar siúl timpeall na háite anois maidir leis an tsíneadh fada, mar shampla thuas i gColáiste Mhig Aoidh, agus táim ag súil leis an dea obair seo a fheicéail ag scaipeadh ar fud na tíre gan a thuillleadh moille, agus go mbeidh réiteach againn ar an bhfadhb”.

Dar leis an rún a ritheadh ag an gComhdháil inné, is í Éire “ceann de na t-aon tíortha san Eoraip, ina nach bhfuil an Béarla mar a chéad teanga oifigiúil, nach féidir le córáis ríomhaireachta sna roinn Stáit, cosúil le hIarnróid Éireann, Leap Card, an HSE agus Institiúdí Tríú-Leibhéal, an síneadh fada nó carachtairí speisialta a phróiseáil”.

D’aithin an rún freisin go bhfuil an cás mar an gcéanna sa Tuaisceart.

Creideann an Comhdháil “go bhfuil an ceart ag daoine a bhféiniúlacht féin a bheith acu agus a n-ainmneacha litrithe i gceart nuair a dheileáileann siad le heagraíochtaí stáit agus insitiúdí tríú-leibhéal agus ar an aitheantas ar fad ó na heagraíochtaí seo, mar shampla ar chártaí aitheantais mac léinn, Cártaí Leap, agus ar thaifid phoiblí cosúil le Clár na dToghthóirí”.

Tá léir mór de mhic léinn in Éirinn le hainmneacha Gaelacha agus is céim shuntasach í seo dóibh.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.