Comment & Analysis
Eagarfhocal
May 7, 2021

Is Éagóir Stairúil é Neamhrochtain Teach a Sé ar Mhic Léinn. Ní Mór é a Athrú

Déanfaidh TCDSU stocaireacht ar an gColáiste chun a fhiosrú an féidir Teach a Sé a dhéanamh níos inrochtana, tar éis a ghlacadh le rún ag ag an gComhairle an tseachtain seo caite.

Leis an mBord Eagarthóireachta

An tseachtain seo, glacadh le rún ag Aontas na Mac Léinn i gCóláiste na Tríonóide (TCDSU), a thug sainordú d’uachtarán an aontais agus an t-oifigeach do mhic léinn le míchumas chun stocaireacht a dhéanamh ar an gCóláiste chun a fhiosrú an féidir Teach a Sé a dhéanamh inrochtana.

Ba cheart go molfar TCDSU as ucht an rúin seo a ghlacadh: ní raibh am níos fearr riamh chun dul i mbun feachtais ar an gceist seo. Tá an Comhchumann Cumais na Tríonóide (The Trinity Ability Co_op) tar éis a thaispéaint an cumhacht stocaireachta éifeachtach atá ag an ngrúpa ónar bunaíodh é. Cuireadh iachall ar iarrthóirí sna tóghcháin shabóideacha TCDSU i mbliana chun aird a thabhairt ar rochtain i mbealach nach raibh orthu sna blianta roimhe seo.

Ina theannta sin, tá na comhráite timpeall foghlaim ar líne agus feabhas a chur ar rochtain sa tslí seo tar éis dul chun cinn go suntasach a dhéanamh. Tá fianaise ann anois de thoil pholaitiúil shuntasach i measc mac léinn chun an Choláiste a dhéanamh níos inrochtana.

ADVERTISEMENT

Is baile é Teach a Sé do TCDSU, chomh maith le réimse leathan cumainn eile agus an nuachtán seo. Tá an easpa inrochtaineachta mar bhac ollmhór do mhic léinn le míchumas atá ag iarraidh páirt a ghlacadh.

Níos luaithe an bhliain seo, sheol an Cumann Gaelach a fheachtas inrochtaineachta féin i gcomhair Seomra na Gaeilge, tar éis a tháinig sé amach nach raibh aon rud déanta chun an seomra a dheanamh níos inrochtana d’úsáideoirí cathaoireacha rothaí agus iad siúd atá fadhbanna soghluaisteachta acu, tar éis an fiosrúcháin a rinneadh in 2017. I Mí Feabhra, d’fhoilsigh The University Times alt, ag nochtadh na gconstaicí fisiciúla a chuireann bac ar chumainn agus a gcuid imeachtaía bheith inrochtana. Is léir gur fadhb ollmhór í rochtain sa Choláiste.

I Mí feabhra, scríobh an Bord Eagarthóireachta seo, go ba cheart an Cumann Gaelach a mholadh dá thionscnaíocht lena fheachtas inrochtaineachta, agus ba cheart go seasfaidh mic léinn le chéile chun troid ar son rochtana níos fearr sa Choláiste. Tá sé thar ama do ghníomhú Aontais maidir leis inrochtaineacht i dTeach a Sé, ach is anois an t-am ceart chun brú d’athrú.

Cé gur céim a bhfuil cuma mhaith go bhfuil an rún seo ar a bhealach chun Teach a Sé a dhéanamh níos inrochtana,is crá croí é go bhfuil a lán maorlathais ann maidir le spásanna mac léinn. Tá Teach a Sé tar éis a bheith dorochtana le tamall fada anuas – conas nach bhfuil sé mar thosaíocht ag riarachán na Tríonóide fós?

Tá cumainn mar chuid lárnach d’eispéireas na mac léinn. Is an t-am ceart é anois don Aontas iachall a chur ar an gCóláiste – chomh maith leis an bpropast tofa Linda Doyle – chun a chinntiú go bhfuil Teach a Sé inrochtana do gach mac léinn.