Comment & Analysis
Eagarfhocal
May 7, 2021

Leis an mBille Tithíochta USI, Ní Mór do Harris Cuimhniú go Bhfuil sé i gCeannas

Agus díospóireacht maidir le bille a thabharfadh cosaint sa bhreis do mhic léinn atá ina gcíosaithe dúirt an t-Aire Ardoideachais Simon Harris go bhfuil ‘comhrá práinneach’ de dhíth ar an gceist.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Dúirt an t-Aire Ardoideachais an tseachtain seo go bhfuil “comhrá práinneach” de dhíth ar cheist cóiríochta mac léinn tar éis gur thug Sinn Féin i gcomhpháirt le hAontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) bille ar an gceist chun cinn.

Dá nglacfar leis an mbille áirithe, thabharfadh sé cosaint sa bhreis do mhic léinn atá ina gcíosaithe, ina measc ag cur cosc ar sholáthraithe cóiríochta mac léinn ó níos mó ná mí amháin de chíos ag teastáil agus ag ligean do mhic léinn a gconradh a fhágáil le fógra 28 lá muna féidir leo a seomra mar gheall ar shrianta coróinvíris.

Ach tá an comhrá seo tar éis dul ar aghaidh ar feadh na mblianta, agus ba chóir go mbeidh sé sin ar eolas ag Harris. Tá cóiríocht na mac léinn mar chroílár sa phlé i dtaobh rochtain ar oideachas tríú-leibhéil. Tá aontais na mac léinn tar éis an “comhrá práinneach” a bheith acu ar feadh tamaill.

ADVERTISEMENT

Tá stair aitheanta ag polaiteoirí Fine Gael tagairtí amhrasacha a dhéanamh i dtaobh cóiríochta mac léinn tríú-leibhéil, b’fhéidir ag léiriú easpa tuisceana sa pháirtí maidir le cé chomh tromchúiseach agus atá an cheist. Mar shampla, cáineadh an iar Aire Stáit Ardoideachais Mary Mitchell O’Connor in 2019 nuair a mhol sí go n-úsáideann mic léinn deontais SUSI chun cíos a íoc– d’ainneoin go bhfuil costas do chóiríocht i gcathracha na hÉireann i bhfad níos airde ná an stipinn a íocann SUSI.

I meancóg cosúil leis sin cúpla lá roimh réidh, dúirt an t-Aire Oideachais ag an am Joe McHugh go mba chóir do theaghlaigh atá ag streachailt íoc as na costais bainteach le hoideachas tríú-leibhéal smaoineamh ar roghanna níos saoire réigiúnacha. Le gairid, tá stair Fine Gael maidir le ceisteanna mac léinn an-olc, agus is sonrach an rud é go bhfuil ar an USI dul i dteagmháil le páirtithe freasúrachta chun a gcuid pleananna a chur ar bhord an Dála.

Is sean-nath caite é ag an bpointe seo go bhfhuil an phaindéim tar éis tábhachtach.