Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jun 16, 2021

Tá an Ceart ag an Rialtas Srian a Chur ar Íocaíocht Árasáin – Ach Ní Leor É

D’fhógair an rialtas an tseachtain seo go n-oibreodh sé i dtreo srian de dhá mhí a chur ar íocaíochtaí roimh ré do chóiríocht mac léinn.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Tuigeann iad siúd a chónaigh i gcóiríocht do mhic léinn nach bhfuil a gcró pálásta ar chor a bith.

Iarann coláistí trí luach ó mhic léinn d’árasáin gan mórán príobháideachais, easpa troscáin agus ganntanas áiseanna.

An bhliain seo chugainn, gearrfaidh Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath €8,059 do chóiríocht ar an gcaighdeán is ísle ar champas – seo méadú de €1,000 i gcomparáid leis an mblian seo.

ADVERTISEMENT

Dar lena suíomh idirlín, cuireann roinnt roghanna iarta agus micreaoigheann ar fáil, ach ní fiú ofráiltear oigheann.

Ar ndóigh, níl mic léinn ag súil go bhfanfaidh siad sa Four Seasons dá gcuid ama sa choláiste agus cuireann cóiríocht do mhic léinn deiseanna ar fáil cairde nua a dhéanamh agus saol sóisialta bríomhar – do mhic léinn céad bliana ach go háirithe.

Ach níl údar ag coláistí costais iomarcacha a ghearradh ar mhic léinn bunaithe ar cad atá ar ofráil.

Áfach, bhí nuacht maith ann do chíosaithe atá mar mhic léinn an tseachtain seo, nuair a d’fhógair an rialtas go dtabharfadh sé leagan maolaithe de bhille Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) go dtí an chomhaireacht, a chuirfeadh srian dha mhí ar íocaíochtaí roimh ré ar chóiríocht do mhic léinn.

D’fhéadfadh rud ar bith tárlú do mhac léinn idir thús agus deireadh téarma, mar sin bhí sé i gcónaí aisteach cíos don bhliain iomlán nó fiú do théarma a íoc.

Is céim chun tosaigh í seo, ach cén fáth nach féidir leis an rialtas íocaíochtaí roimh ré a shrianadh go dtí mí, mar a chur an bille USI chun cinn? Is suim mhór airgid é mí de chíos do mhac léinn ar bheagán airgid.

Seachas sin, caithfidh an rialtas tús áite a thabhairt d’ísliú na gcíosanna seo. Labhair an t-Aire Ardoideachais Simon Harris go mion minic faoi chóiríocht do mhic léinn agus thug sé cluas éisteachta báúil do mhic léinn atá ag streachailt na bpingin a choimeád.

Áfach, bliain i ndiaidh bliana, d’ardaigh cíosanna, agus d’éirigh cathracha na hÉireann níos costasaí do mhic léinn a dtagann ó chúlraí nach bhfuil chomh rachmach sin. Is údar frustrachais é go bhfuil ar mhic léinn a gcuid buairteanna a árdú chun go ndéanfadh an rialtas an méid is lú.

Bhí an tseachtain seo mar chéim chun tosaigh, ach ní mór don rialtas i bhfad níos mó a dhéanamh. Go dtí seo, níl mórán ann a thugann le fios go bhfuil aon rúin acu é a dhéanamh áfach.