Comment & Analysis
Jun 23, 2021

Tá Sé in Am Dúinn Fiúntas na Gaeilge sa Lá Atá Inniu Ann a Aithint

Is trua go bhfeictear ar an nGaeilge mar chaitheamh aimsire amháin. Déarfainn go bhfuil fíorfhiúntas aici sa ghnáthshaol nua-aoiseach, dar le Siothrún Sardina.

Siothrún SardinaScríbhneoir Cúnta
blank
Róisín Power for The University Times

Is minic a cheaptar nach bhfuil fíorfhiúntas sa Ghaeilge, nach bhfuil sí mar theanga an phobail ach mar theanga fhoghlaimeoirí. Nach bhfuil buntáistí inti ach amháin buntáiste tuisceana na staire agus an chultúir Ghaelaigh. Deirtear go bhfuil cúrsaí eolaíochta, leighis, agus araile sa Bhéarla amháin, agus tá sé ríshoiléir nach bhfuil sí ag fórmhór de lucht an rialtais ach an oiread. Nó, ar an drochuair, i mbéal ach roinnt pobail in Éirinn.

Tá sé éasca mar sin a chreidúint nach bhfuil inti ach caitheamh aimsire. Agus is trua sin. Ach déarfainn, ina ainneoin sin, go bhfuil fíorfhiúntas aici sa ghnáthshaol nua-aoiseach.

Go speisialta i rith na paindéime seo, bhí a lán daoine in ann bualadh le chéile mar gheall ar a nasc leis an teanga. Cúpla mí tar éis tús na paindéime i mí na Bealtaine 2020, de réir eolais bailithe ag Conradh na Gaeilge, bhí 50 Ciorcail Comhrá agus Pop Up Gaeltachtaí éagsúla nua ar siúl. Tá an uimhir sin tar éis dul in airde, agus na grúpaí sin fós ag fás go mór. Tá scéalta ar dhaoine a thosaigh Pop Up Gaeltachtaí agus ciorcail comhrá nua – in Éirinn agus thar lear – le cloisteáil go mion minic ar an gclár raidió ‘Fada is Fairsing’ ar Raidió na Life.

ADVERTISEMENT

Go speisialta i rith na paindéime seo, bhí a lán daoine in ann bualadh le chéile mar gheall ar a nasc leis an teanga

Is mar sin a deirim go mbíonn an Ghaeilge mar chúis faoisimh dúinn – le linn na tréimhse deacra seo bhíomar, mar mhic léinn ach go háirithe, in ann braith uirthi chun teacht le chéile agus ár gcairde nua a aithint in ainneoin na ndeacrachtaí. Is fíor, go deimhin, nach raibh an Ghaeilge amháin sa ról nua seo. Ach, de réir mar a thosaigh sí ag fás chomh tapaidh, agus mar a lean sí ar aghaidh chomh láidir, is cinnte go bhfuil rud speisialta inti.

Tá sé níos éasca daoine a tharraingt le chéile trí Ghaeilge toisc gur mionteanga í. Bíonn daoine ag iarraidh í a labhairt gan chúis ar bith ach an teanga í féin. Tagann Gaeilgeoirí le chéile chun a dteanga a labhairt – agus chun labhairt faoi cibé rud ar bith. Sa chaoi sin, airíonn sé níos nádúrtha, níos cairdiúla fiú. Tá sé ar nós na haimsire roimh an bpaindéim, nuair a bhíomar ag teacht le daoine nua i ranganna nó ar siúl gan aon agó.

Tá fiúntas aici sa ghnáthshaol, agus ní hamháin sa Ghaeltacht atá an fiúntas seo. Leis na Cumainn Ghaelacha i gcoláistí na hÉireann, feictear go bhfhuil an tsuim sin ann i measc mic léinn na tíre chun í a labhairt agus a chur chun cinn. Ní dhéantar breithiúnas ar chumas a chéile sa teanga.

Tá sé níos éasca daoine a tharraingt le chéile trí Ghaeilge toisc gur mionteanga í

Feictear dúinn nuair a ghlacadh le rún an Chumainn Ghaelaigh i gColáiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath ag Ardfheis Chonradh na Gaeilge go ndéanfar stocaireacht ar an rialtas do níos mó cúrsaí trí Ghaeilge nach raibh bunaithe ar an teanga amháin go bhfuil an mian sin i measc ógánaigh na tíre an Ghaeilge a úsáid go laethúil. Ní meon acu ach gur teanga bheo an phobail atá inti.

Tá sé ar intinn ag an rialtas go mbeadh Gaeilge ag fiche faoin gcéad d’oibritheoirí sa seirbhís sibhialta faoi 2030 leis an Acht na dTeangacha Oifigiúla nua. Chun go ndéanfar seo, ní mór meon daoine a athrú i leith na Gaeilge cibé áit as a dtagann sé – ón óige, ó thuismitheoirí, ón scoil. Tá fiúntas leis an teanga agus beidh fiúntas léi amach anseo, ní féidir é sin a shéanadh.

Ar leibhéal bunúsach tá saoirse láidir ag baint leis an nGaeilge. Ag ciorcal comhrá, níl éinne ag súil le haon rud áirithe, ach an comhrá. Tá sé mar an gcéanna le Pop Up Gaeltachtaí: bíonn daoine saor labhairt faoi cibé rud, agus tá siad ar oscailt do gach duine. Is féidir dul isteach ach amháin chun bualadh le daoine nua. Deireadh an scéil, sin an rud is tábhachtaí. Tar éis na pandéime seo, tá sé níos léire ná riamh gurb é an rud is fearr ná gaol le cairde a chothú agus teagmháil le daoine eile. Agus, nuair a d’éirigh sé deacair dúinn, bhí an Ghaeilge ann chun sos agus chun faoiseamh a thabhairt dúinn. Beidh sí ann mar sin go deo na ndeor ach an Ghaeilge a choinneáil inár gcroí.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.