Dec 1, 2013

Dara Scéim Teanga Choláiste na Tríonóide Seolta

Feidhmíonn an scéim faoi Alt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus cludaíonn sé na blianta 2013-2016.

Fionn Ó Deá | Senior Staff Writer

Seoladh dara Scéim Teanga Choláiste na Tríonóide an tseachtain seo ag Aire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley i Seomra na Gaeilge. Feidhmíonn an scéim faoi Alt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus  clúdaíonn sé na blianta 2013-2016.

Labhair McGinley faoina thaithí leis an nGaeilge agus le Coláiste na Tríonóide. Cuireadh sólaistí ar fail dóibh siúd i láithair agus sheinn baill an Chumainn Ghaelaigh agus muintir na Scéimeanna Cónaithe ceol traidisiúnta chun críoch a chuir le hoíche thábhachtach don Ghaeilge sa choláiste.

ADVERTISEMENT

Leagtar amach sa scéim na réimsí ina bhfuil Coláiste na Tríonóide tiomanta d’fheabhsú sna seirbhísí dátheangacha a chuirtear ar fáil do bhaill foirne, do mhic léinn agus don phobal i gcoitinne. Cuimsíonn gealltanais na scéime nua feabhas ar sheirbhísí sna réimsí seo a leanas: Seirbhísí Custaiméirí Díreacha; Seirbhísí Idirghníomhacha; Suíomhanna gréasáin; Cumarsáid agus na Meáin; Foirmeacha, foilseacháin agus ábhar clóite; Teicneolaíocht Faisnéise; Earcaíocht foirne, ionduchtú agus oiliúint i nGaeilge; Scéimeanna Cónaitheacha Gaeilge agus Seomra na Gaeilge. Tá gealltanais ann freisin maidir le forbairt Pholasaí Gaeilge agus tionscnamh Gradaim na Gaeilge.

Cé nach raibh Propast an choláiste, Patrick Prendergast, i láthair ag an ócáid, mhínigh Rúnaí an Choláiste John Coman, ag labhairt ina áit, go bhfuil Prendergast go mór i bhfábhar na scéime agus go nguíonn sé rath air. “Is cúis bróid do Choláiste na Trionóide go bhfuil an Coláiste ar cheann do na chéad ollscoil chun an dara Scéim a chur i gcrích” a dhúirt Coman. “Is léir go bhfuil pobal bríomhar Ghaeilge sa Choláiste idir daltaí agus foireann agus go bhfuil an teanga ag dul ó neart go neart anseo.”

Mhínigh Oifigeach na Gaeilge an choláiste Aonghus Dwane go gcinntíonn an scéim “buanú agus neartú áit lárnach na teanga i saol an Choláiste sna blianta amach romhainn.” Ghabh Dwane buíochas as Iar-Reachtaire an Chumainn Ghaelaigh Aindriú Mac an Rí a d’eagraigh fóram aighneachtaí anuraidh chun an scéim a phlé agus é á dhréachtáil.

Faoi dheireadh labhair Reachtaire an Chumainn Ghaelaigh Niamh Ní Chróinín. Rinne sí trácht ar na hócáidí a chuireann an cumann ar siúl i rith na bliana agus freisin ar fhóram aighneachtaí an chumainn. “Bhí deis ag baill an chumainn, mic léinn agus foireann an choláiste teacht agus moltaí a thabhairt don scéim teanga nua. Chuir an Cumann Gaelach liosta aighneachtaí le chéile tar éis na hócáide seo agus tá mé sásta a rá gur glacadh le go leor moltaí a tháinig chun tosaigh ag an bhfóram agus go bhfuil siad anois sa scéim teanga.”

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.