Jan 26, 2015

Éigse na Tríonóide Éagsúil Romhainn

Beidh féile Gaeilge an Choláiste, Éigse na Tríonóide á ceiliúradh ag muintir an Choláiste an tseachtain seo chugainn 26ú-30ú Eanáir.

Benn Ó hÓgáin | Comhfreagraí Gaelach

Seachtain iomlán d’imeachtaí éagsúla a curtha ar siúl ag an gCumann Gaelach, Oifig na Gaeilge, Aontas na Mac Léinn agus cumann eile.

Tosófar le bricfeasta gach maidin i Seomra na Gaeilge ag a 9, agus tá clár ama plódaithe i ndán don tseachtain.

Ar an Luan, beidh Clíona Ní Chíosain, an phríomh-aisteoir sa sraith teilifíse TG4 Afric, ag seoladh na seachtaine. Beidh scaoileadh na mbalún, mar is traidisiúin le blianta beaga anuas, ag an gCampainíl ag a 12, agus beidh turas de Chaisleán Bhaile Átha Cliath as Gaeilge ina dhiaidh.

ADVERTISEMENT

Chomh maith le rang Gaeilge do thosaitheoirí, beidh óráid ag láithreoir ó Raidió Fáilte, Béal Feirste faoin nGaeilge sa Tuaisceart ar an Máirt. Cé go bhfuil TAF ar súil ar an tseachtain ceanna i mbliana, beidh ceardlann drámaíochta i nGaeilge ar súil ag an gCumann Gaelach in éineacht le TAF.

Leanfaidh an tseachtain ar aghaidh le Lón Mór na hÉigse ar an gCéadaoin. Beidh an díospóireacht mhór ar siúl ar an lá seo ag claí le traidisiún chomh maith. An rún a bheidh le plé ná ‘Creideann an teach seo inár ndlíthe blaisféime.’ Cuireann an rún sin muid ag smaoineamh faoi shaoirse cainte, i bhfianaise na heachtraí gránna a tharla i bPáras le déanaí. Is cosúil go mbeidh sé an-suimiúil ar fad.

Lá mór eile a bheas an Déardaoin. Chomh maith le tráth na gCeist, beidh ‘Fugitive na Gaeilge’ ar siúl le han-chuid duaiseanna móra. Beidh Oíche Mhór na hÉigse, Solas, á heagrú ag Trinity ENTS agus an Cumann Gaelach, ar siúl an oíche seo.

Chun deireadh a chur leis an tseachtain bhríomhar, tá cluiche sacair á eagrú an an gCumann Gaelach i gcoinne COBÁC. Seolfar an Scríbhneoir Óg, leabhar próis agus filíochta an Chumainn sa Gingerman ag a seacht, agus beidh scéalaí agus ceoltóirí ann chun siamsaíocht na tíre á thaispeáint.

Is cuma cén caighdeán Gaeilge atá agat, is cinnte go mbeidh imeacht a oireann duit ar siúl i rith na seachtaine éagsúla seo. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.tcd.ie/gaeloifig, nó ón gCumann Gaelach.

 

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.