Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 13, 2015

Agus Stiúrthóir An NCAD Ag Éirí As, Fianaise De Thionchar Agóidí Mac Léinn

I ndiaidh na n-agóidí rathúla san NCAD, is ceart tuilleadh muiníne a bheith ag mac léinn na tíre ina gcumas le hathrú agus forbairt dhearfach a bhaint amach.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Is mór an faoiseamh a bhí ann do mhic léinn an fógra a rinneadh Dé hAoine seo caite go raibh Stiúrthóir an NCAD, An t-Ollamh Declan McGonagle, ag éirí as ag deireadh na bliana. Is cinnte go bhfeicfear ar an gcinneadh seo mar bhua do ghluaiseacht agóide na mac léinn i gcoitinne. I ndiaidh na bliana a caitheadh ag léirsiú go feargach faoi chinntí a thóg an Coláiste, b’é an grúpa agóide faoi cheannas na mac léinn, NCAD Student Action, a roinn an fógra ar a leathanach in éineacht lena suaitheantas baill: dorn bródúil san aer, le scuab phéinte á bagrú go buacach.

Ní folár do chách a fheiscint nuair a thug an grúpa seo caint ag cruinniú comhairle Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Trionóide gur beag an tionchar a bhí acu ar an lucht féachana, in ainneoin chomhairle agus spreagadh an ghrúpa maidir le cur i gcoinne cinntí éagóracha an Choláiste. Níor tharla sé seo toisc nach raibh gearán, casaoid nó clamhsán ar bith ag mic léinn Choláiste na Trionóide, nó nár aontaíodar leis an méid a bhí á rá. Ba léir do gach ní is neach nach gcuirfear gníomh ar bith i bhfeidhm don chúis shimplí: níor creideadh go bhféadfadh go mbéadh tionchar praiticiúil ag agóidí mic léinn riamh.

Bréagnaíonn na forbairtí is déanaí san NCAD, áfach, an creideamh seo. I ndiaidh bliana d’agóid, suigh isteach, léirsiú agus míshásamhacht i gcoitinne idir mhic léinn, baill foirne agus alumni, tá an pearsa is cumhachtaí sa choláiste tar éis a fhógairt nach mbeidh sé i gceannas ag deireadh na bliana. Cé gur dhiúltaigh sé ráiteas a thabhairt maidir leis an ngaol idir a chinneadh agus agóidí na bliana, tuigtear go bhfuil an brú a d’fhulaing sé tar éis tionchar díreach a imirt ar a chinneadh le héirí as. Díríodh cuid mhaith den mhíshásamhacht ar McGonagle é féin go pearsanta, rud a tharraing aird na meán ar an mbainistíocht agus na cinntí a rinneadh. Nuair a thógtar é seo ar fad faoi ndeara, breathnófar ar éirí as McGonagle mar cheann de na buanna is tábhachtaí i ngluaiseacht agóide na mac léinn le tamall de bhlianta. Feicfear anois, áfach, an mbeidh leigheas ag ionadaí McGonagle ar na fadhbanna a chráigh an coláiste. Is fianaise láidir é éirí as luathaithe an Stiúrthóra gur féidir le hagóidí atá reachtaithe ag gluaiseacht na mac léinn dóthan bhrú agus airde a dhíriú ar phearsana cumhachtacha i gcoláistí le hathruithe agus forbairtí súntasacha a chur i bhfeidhm.

ADVERTISEMENT

Ag amanta mar seo, cuirimid ceist orainn féinn: cad é atá indéanta do ghluaiseacht mac léinn? Bhí clampar againn do shuigh isteach sa leabharlann, léirsiú ag taispeántas an Leabhair Ceannanais, agus tuilleadh módha eile d’oll-agóid mac léinn i gColáiste na Trionóide. Le déanaí, níl toradh tagadh go fóill ar an hurlamaboc seo, agus ní heol dúinn an mbeidh riamh. Léiríonn na himeachtaí san NCAD, áfach, go mbeidh sé níos deacra an argóint a chur chun cinn as seo amach nach fiú ar bith d’agóidí mac léinn, nó nach n-éisteofar le daonra múisiamach na mac léinn.


Múisiamach disgruntled
Casaoid/Clampar clamour
Hurlamaboc commotion
Ag bagrú go buacach brandishing triumphantly
Léirsiú demonstration
Luathaithe accelerated
cruinniú comhairle Aontas na Mac Léinn council meeting of the Students’ Union