Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 13, 2015

An Cúram Ar An Ollscoil Pleanáil Don Todhchaí, Ach Dearmadtar Go Ró-mhinic A Laigí Inmhéanacha

Cur chuige míthreormhar i leith tógála clú ag baint ár n-aird le nithe baoth-ghalánta.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Ní haon tasc éasca é clú agus cáil ollscoile atá aitheanta go hidirnáisiúnta a thógáil. Ach ‘sé an fíor-dhúshlán ann ná an clú agus an cháil seo a chaomhnú agus a choimead.

Is iomaí forbairtí a chonaiceamar an samhradh seo, atá mar chomharthaí maithe do thodhchaí na hollscoile, go háirithe i gcómh-théasc an fholúis a bhí ann. Thrasnaigh an scoil ghnó úrnua- a chosain €70 milliún – an chonstaic dheireanach sa phróiséas pleanála, agus is cosúil go mbeidh sí réidh faoi cheann 2018. Mar pháirt den phlean infheistiú chaipitil €295 milliún, ‘sé cuspóir an fhoirgnimh ná le stair chríonna, cháiliúil na hollscoile a nascadh leis na huaillmhianta fairsinge atá aici don todhchaí.

I bhforbairt mar a chéile – cé nach chomh shoiléir céanna í ar an gcéad luí súil – d’fhoghlaimíomar go mbeidh an t-úrlabhraí poiblí agus columnaí mór le rá David McWilliams ag múineadh mar ollamh taca sa scoil ghnó. Cruinneoidh an t-eacnamaí clúiteach poiblíocht thábhachtach agus láidreacht acadúil a chuirfidh le hullmhian na Scoile.

ADVERTISEMENT

Ach ní i bhfolús a dhéantar na cinntí seo. Gach uair go ndéantar rogha le achmhainní a dháileadh, tá sé intuigthe go ndéantar rogha mhalartach eile a dhiúltú. Tagann fostú McWilliams ag am ina bhfuil iliomad rannóg ag fulaingt le ganntanas foirne, ganntanas a chúisigh gearradh siar ar mhódúil a bhí le bheith ag mic léinn ina mbliain dheireanach.

Mar a chéile, tuairiscíonn the Irish Times ar thionscadal tógála eile a d’aimsigh cead pleanála le déanaí. Ar chostas €41 milliún, nó thart ar leath an chostais den scoil ghnó nua, déanfaidh grúpa de fhorbróirithe réadmhaoine scéim tithíochta 400-leapain a thógáil gar le hArd-Eaglais Phádraig, ar phríomh-thalamh 2.5 acra i lár na cathrach. Beidh san áireamh “siopaí, bialainne, caiféanna agus ionad aclaíochta”. Níl Coláiste na Trionóide tar éis deiseanna cosúla a ghlacadh dá mic léinn féinn.

Is cinnte gur fiú an scoil ghnó nua agus an fostú clúiteach, go háirithe don mhionlach a bheidh níos fearr as dá bharr. Ach i gcómh-théacs na ndeachrachtaí líonmhara gur eol do chách fúthu – ganntanas foirne, maorlathas ársa, easpa tithíochta – ag cur as do gach mac léinn, bliain ar bhliain, ní luíonn na cinntí seo go réidh leis an dearcadh i measc mhuintir na hollscoile. D’fhéadfaí a rá go dtaispeánann sé seo go dtugtar tosaíocht don tuairim sheachtrach ar chostas na fírinne inmhéanaigh.

Nuair a rinne an Provost Patrick Prendergast an cinneadh go mbeidh gach mac léinn sa Choláiste ina fhiontraí, d’fhoilsigh sé níos mó ná mar a bhí i gceist aige faoi chur chuige na hollscoile seo maidir leis na laigí atá aici. Éiríonn go slachtmar leis an ollscoil a stair a ghlóiriú agus a brionglóidí don todhchaí a fhoilsiú. Is iad a mic léinn, áfach, atá sáinnithe i ngéibheann lochtach an am i láthair.


Forbróir réadmhaoine property developer
Folús vacuum
Uaillmhian ambition
Ollamh professor
Achmhainní resources