Radius
Sep 24, 2015

Gaeilge Tamagotchi

Impíonn Manchán Magan in a thaispeántas nua san Ionad Tionscnaimh Ealaíne ar dhaoine freagracht a ghlacadh ar fhocal Gaeilge amháin le go gcaomhnófaí saibhreas na teanga.

Colm O'NeillIrish Language Editor

Aghaidh ar aghaidh le Manchán Magan, é féin cos nocht, muid timpeallaithe le cuirtiní dorcha, agus sean-chlog eaglasta ag buaileadh thar ár gcloigne. Is fear ann féin é Magan, gníomhaí teanga, scríbhneoir, agus scannánaí, ach níor bhuail fírinne an ráitis go ceart mé go dtí an neomat sin.
Is é ‘Gaeilge Tamagotchi’ an tionscnamh nua atá ag Magan, atá bunaithe ar choinceap an bhréagáin chlaisicigh Seapáinise. Maraon leis an ‘Tamagotchi’ fulaingeoidh teanga na Gaeilge bás tragóideach muna fhaigheann sí cúram agus cúnamh leanúnach. Dar le Magan go bhfuil 12,000 focail i bhfoclóir gach duine, agus 30,000 usáidte ag Shakespeare ina saothair ar fad. I dteanga na Gaeilge tá 4,400 focail ann féin díreach le cur síos a dhéanamh ar dhaoine, rud a léiríonn leithne agus doimhneacht na teanga.
Is é an cuspóir atá taobh thiar den tionscnamh ná go mbronfar focal Gaelach amháin ar gach duine, focal uathúil, focal b’fhéidir nach bhfuil in úsáid a thuilleadh. Tá an fhreagracht ar an duine aire a thabhairt don fhocal, ‘is gan ligeant dó imeacht ar shlí na fírinne. Iarann Magan ar na daoine ag freastal ar an taispeántas an focal a úsáid ina saoil laethúla, mar ainm do pheataí, pasfhocail, téarma mallachta nó muirneach.
Samplaí a bhí ann ná – ‘iarmharacht’- ‘the stain left on a cheek after a tear’ agus ‘scroglachán’- ‘a long-necked person’. Focail iad seo nach bhfuil a leithéid ann sa Bhéarla.
Rinne Magan iarracht spás a chur le chéile san Ionad Tionscnaimh Ealaíne le atmaisféar searmannach a chruthú, ionas go gcuirfí béim ar an dualgas a bhí á ghlacadh ag gach duine ann. D’fhan mé sa scuaine taobh amuigh de na cuirtíní ciorclacha go dtí gur bhuaileadh an clog agus isteach liom le aghaidh a thabhairt ar Mhanchán. Labhair sé le gach duine ar feadh thart ar nóiméad amháin, le pearsantacht an duine a mheas, ‘is go bpiocfadh sé focal a bhí oiriúnach dó nó di.
Ba dheacair dom díriú leis an fhírinne a insint, agus mé i ndlúth-chóngar an duine is mó le rá i pop-chultúr na Gaeilge, duine a spreag flosc chun Gaelainne chomh láidir sin ionam agus mé níos óige go raibh mé réidh leis an Oxford English Dictionary a dhó i mo chúl-gháirdín. I ndiaidh dó meastúchán a dhéanamh ar mo phearsantacht, tháinig an nochtú mór- mo fhocal, a thógfainn im’ chroí istigh go dtí lá mo bháis. Chuir sé a lámh ina phóca is tharraing amach cárta beag: ‘Giobóg- a worthless, idle woman’. Ní fios dom cén meastúchán a rinne sé ar mo phearsantacht, ach ní dóigh liom go mbeidh Manchán Magan mar Sherlock Holmes na Gaeilge go ró-luath.
Léirigh an taispeántas seo meon nua i leith forbartha na teanga ag Manchán Magan, dar liom. Nuair a d’fhoilsigh sé an clár clúiteach ‘Nó Béarla’ beagnach 10 mbliana ó shin is dearca níos míleata agus níos trodaí a thóg sé. Is taispeántas é seo, a dhéanann iarracht daoine a mhealladh chun na teanga, seachas iad a cháineadh as ucht í a dhiúltú. Is dócha nach bhfuil cuspóir praiticiúil ag an taispeántas seo ó thaobh chaomhnú na bhfocal de, ach cuireann sé daoine ag smaoineamh ar an teanga, agus is tábhachtaí ar fad é sin. Dar ndóigh, guimís nach mbeidh mórán de ghá agam an focal ‘giobóg’ a úsáid go ró-mhinic sa todhchaí.
Ag fulaingt- suffering
Mallacht – curse
Muirneach – praise
Clúiteach – famous
Cuspóir- objective

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.