Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 27, 2015

Ní Cheart do Mhic Léinn diúltú d’agóidí i mbliana

Agus an USI ag bogadh óna agóid bhliantúil, déanann an Bord Eagartharóireachta plé ar na fáthanna nár cheart don USI díriú an iomarca ar chlárú vótálaithe.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Is bealach iontach í agóid le fearg a léiriú. Le deich mbliana anuas tá agóidí tar éis filleadh go láidir ar Éirinn, le léirsithe téagartha, go háirithe i gcoinne Uisce Éireann. Éiríonn le agóidí greim a bhreith ar aird na meán, chomh maith le aird an rialtais, go pointe. Is de bharr seo go bhfuil iontas ann faoi chinneadh an USI gan agóid réamh-bhuiséad a eagrú ionas go gcuirfear lá náisiúnta clarú vótálaithe ar siúl ina áit.

Má dhíríonn muid ar agóidí an USI le déanaí áfach, ní chothóidh an cinneadh seo an méid chéanna iontais. Tá méid na mac léinn ag freastail ar na mórshiúlta tar éis laghdú go mór ón mórshiúl cáiliúil i 2011, a tháinig ag am go raibh ardú na dtáillí ardoideachais úr sna hintinní agus ag cur as go mór do mhic léinn na tíre. D’fhreastail líon an-bheag de chomhairlí na mac léinn ar an mórshiúl i 2013, agus is “céiliúradh” d’oideachas agus a bhuntáistí a bhí san ócáid i 2014, mar iarracht le níos mó airde a fháil agus le tinreamh a ardú. Bhí níos mó ratha ag mórshiúl na bliana seo caite, cé nár éirigh leis mórán gníomhú polaitíochta a chothú.

Áit amháin, áfach, go bhfuil ag éirí go maith leis an USI agus na heagraíochtaí ball, ná i gclárú vótálaithe. Bhí tuairim is 28,000 mic léinn cláraithe roimh reifreann um chómhionannas pósta na bliana seo. Is éacht den scoth é seo le mic léinn, atá ainm acu mar dhream sa sochaí atá scortha ón gcóras polaitíochta, a athrú ina ghrúpa de shaoránaigh ghníomhacha. Cé gur féidir béim faoi leith a leagan ar thábhacht an ábhair sa reifreann do na mic léinn, tá go fóill uirlis láidir anois cruinnithe ag an USI agus iad ag stocaireacht ar an rialtas, i bhfoirm bhallraíocht ghníomhach atá anois ina mílte. Glaotar caipiteal polaitíochta ar seo.

ADVERTISEMENT

Agus is é sin an rud: ní dhéanfaidh lá eile de chlárú vótálaithe ach cur leis an gcaipiteal polaitíochta, gan é a dhíriú i dtreo faoi leith. Cén fáth mar sin, go bhfuil tosaíocht a thabhairt ag an USI do clárú vótalaithe – mar a lá náisiúnta de ghníomhú?
Caithfear a thabhairt faoi ndeara gur eagraigh an USI mórshiúl an bhliain seo caite in éineacht le iarrachtaí móra le vótálaithe a chlárú, agus iad ag triail chomh maith ar Churiarracht Dhomhanda Guinness.

B’fhéidir nach ceist í, mar sin, maidir le achmhainní. Tá an rialtas ag crosbóthar tábhachtach faoi láthair. Tá baol ann do chomhrialtas Fhine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre nach mbeidh siad i gcumhacht sa Dáil an bhliain seo chughainn, más fíor do na pobailbhreitheanna. Is é seo an t-am le stocaireacht a dhéanamh, le fearg agus láidreacht na mac léinn a thaispeáint, agus mar atá caighdeán ár n-ardoideachais i mbaol arís sa bhuiséad i mbliana. Cé nach raibh rath ar na hiarrachtaí roimhe seo, tá sé díomách nach ndearna an USI iarracht arís le hionadaíocht a dhéanamh ar na mic léinn sa slí is éifeachtaí is gur féidir leo. Le lá le vótalaithe a chlárú mar phríomh-lá gníomhaíochta náisiúnta an USI, le doiciméidí farisinge de thograí agus fógraíocht dhrámatúil, léirítear dúinn b’fhéidir, nach bhfuil mórán eile pleanáilte ag an USI – nó nach bhfuil a fhios acu cad le déanamh leis an gcaipiteal polaitíochta ar fad seo. Pé scéal é, ní cheart go mbeadh tionchar diúltach ag na hiarrachtaí le vótálaithe a chlárú ar na bealaigh eile le dul i dtír ar ár bpolaiteoirí, agus le iallach a chur orthu éilithe na mac léinn a chloisteáil.

clárú vótálaithe – voter registration
iallach a chur ar – put pressure on
éilither – demands
buiséad – budget
táillí – fees
téagartha – strong