Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 20, 2015

Seachtain na bhFreisir chomh tábhachtach is a bhí riamh don Choláiste.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Moltar Seachtain na bhFreisir i gColáiste na Trionóide go forleathan, ach ní cheart talamh slán a dhéanamh di, mar atá tarlaithe i gcodanna áirithe le déanaí. Is seachtain í a neadaíonn í féin in intinn na bhFreisir, agus don mhórlach is í an teagmháil is mó a bheidh acu riamjh le hAontas na Mac Léinn agus a na cumainn uilig. Níl a sárú le fáil ar an iarracht a chuireann CSC agus na cumainn éagsúla isteach i bhféile na bhFreisir, léiriú iontach ar an méid atá amach roimh na mic léinn nua. Tá beocht agus spleodar an choláiste lárnach i Seachtain na bhFreisir. Is céim saoil í do ghliúin nua na mac léinn, agus ní cheart dearmad a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn aige orthu.

Anuraidh, cuireadh ar ceal seoladh amach na bpacáistí eolais do mhuintir na chéad bhliana, agus is buille a bhí ann do na cumainn a úsaideann cuid mhór de chiste na bliana chun iad a phriontáil. An toradh a bhí ar seo ná atmaisféar imníoch, míshocair a chothú thart ar thús na bliana, le cuid mhaith de na mic léinn nua gan eolas cruinn ar dhéantús Sheachtain an bhFreisir. Cé nach titim shuntasach i gcaighdeán a bhí ann, ba cheart na botúin seo a sheachaint chomh fada is gur féidir. Cuireadh i gceart é seo i mbliana agus na foilseacháin á seoladh amach ar líne seachas á bpriontáil. Cé nach réiteach ídéalach é seo, tá gach cuma ar an scéal go bhfuil Seachtain na bhFreisir fillte ar an mbóthar ceart arís, beag nó mór.

Is dócha go bhfuil struchtúr na seachtaine mar phríomh-chúis go bhfuil rath ar Sheachtain na bhFreisir i gColáiste na Trionóide. Ar an meán, ní thugtar léachtanna ar bith, agus níl gá ach le thart ar chúig huaire d’am na mac léinn do riaracháin ollscoile. Dá bharr sin, tá dóthain ama ag na mic léinn nua le freastail ar na hócáidí agus sult a bhaint as a saoil nua mar dhaltaí ollscoile, sula dtosaíonn taithí dheacair, agus ar uaireamh scanrúil, na chéad bhliana. Tá codarsnacht le braith idir seo agus cur chuige na gcoláiste eile, ar nós UCD, a leathnaíonn an phróiséas amach.

ADVERTISEMENT

Ba cheart aitheantas a thabhairt d’obair thar cinn an CSC. Gach bliain, cuirtear beagnach céad ócáid ar siúl, agus bíonn gach cumainn ag cur leis an gcarn oibre, roinnt acu á sárú féin bliain ar bhliain. Le ciste an CSC á ghearradh sna blianta roimhe seo (cé go bhfuil an múnla nua cistithe tar éis é seo a réiteach), tá sé rí-thábhachtach go ligtear dá obair thábhachtach leanacht ar aghaidh.
Maidir le sceideal Ents na bliana seo, is léir go bhfuil iarracht chuimseathach á cur isteach la go n-aontófaí na cumainn agus rannóga uile atá san ollscoil le chéile. Is iomaí suíomhanna éagsúla atá in úsáid chomh maith, mar shampla an Dánlann Eolaíochta. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an coláiste oscailte don tseachtain ar fad, agus go bhfuil an coláiste go léir ag teacht le chéile. Tá sé tabhachtach go dtuigeann na cumainn agus Aontas na Mac Léinn go bhfuil sé mar bhuntáiste don dá dhream nuair atádar ag obair as lámha a chéile don tseachtain.

Is seachtain fíor-thábhachtach í don choláiste toisc gurb í an chéad theagmháil a bhíonn ag móramh na mac léinn leis na gnéithe uile de shaol na hollscoile, agus tá sé tuillte aici go mbeidh sí ar chaighdeán ard do na blianta atá le teacht. Toisc go bhfuil sé deimhnithe go bhfuil maoiniú na gcorp caipitíochta sa choláiste (Aontas na Mac Léinn agus an CSC san áireamh) deighilte ó na cistí eile sa choláiste, ba cheart go mbeidh Aontas na Mac Léinn agus an CSC saor le Seachtain na bhFreisir a eagrú atá ar an gcaideán is airde go féidir.


Codarsnacht contrast
Aitheantas recognition
Deimhnithe model
Múnla landlord
Maoiniú funding
Deighilte separated
Cistí funds