Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 4, 2015

Tá Luach a Saothair faighte ag Straitéis Domhanda Choláiste na Tríonóide maidir le Rangú Ollscoileanna.

Cé nach bhfuil an straitéis díonta ar cháinneadh, tá borradh curtha aici faoin gColáiste d'ainneoin ísliú maoinithe.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

In ainneoin an cháinte uilig atá faighte aici, is cóir aitheantas a thabairt do pháirt Stáitéis Chaidreamh Domhanda an Choláiste srian de chineál a chur lena thitim sa rangú domhanda ollscoile. Nuair a tháinig an straitéis nua ar an bhfód den chéad uair i mí Mheán Fómhair 2012, buaileadh í le cuid mhaith díchreidimh.

I dtosach báire, shíl a lán daoine nach raibh sa straitéis ach forbairt soiniciúil, gan chumas aici seachas roinnt airgead éasca a thuilleamh, ach tá sé léirithe ó shin ag an stráitéis chéanna go bhfuil fiúntas ag baint léi ó thaobh clú an Choláiste a chur in airde thar lear — ar a laghad, is léir gurbh fhiú í chun an dochar a íoslaghdú i bhfianaise chiorruithe ardoideachais.

Tá sé mar aidhm ag an straitéis Tríonóid a chur ar thús cadhnaíochta san idirnáisiúnú agus i nascacht mac léinn, ar a laghad ar bith trí líon na mac léinn neamh-AE ag teacht chuig an ollscoil a mhéadú.

ADVERTISEMENT

Is mór an bhéim a chuireann rangú ar mhianach idirnáisiúnta ollscoile. Ceann des na cúig phríomhchatagóir ar a mbunaíonn rangú an Times Higher Education, inar thit Tríonóid 22 áit i mbliana go dtí 160ú ar domhan, a chuid torthaí ná dearcadh idirnáisiúnta. Bhain Tríonóid an scór is airde dá cuid amach sa chatagóir seo, ag fáil 90.5 as 100, i gcodarsnacht le 41.9 sa chatagóir mhúinteoireachta agus 30.8 do thaighde.

Sa rangú QS, inar éirigh i bhfad níos fearr le Tríonóid — gan ach seacht n-áit á gcailliúint aici go dtí 78ú ar domhan — is fiú 5% an ceann cóimheas dámh idirnáisiúnta agus cóimheas mac léinn idirnáisiúnta, 10% den rangú iomlán. Bhain Tríonóid a marc is airde amach sna coda seo, ag fáil a marc is ísle sa chuid ag baint le cóimheas idir méid na foirne teagaisc agus líon na mac léinn san ollscoil.

Bíodh nach leor straitéisí de chineál na Straitéise Domhanda mar ionad ar infheistíocht socair daingean, tá moladh tuillte ag Tríonóid as a cumas a bheith réamhghníomhach i réimsí eile ar a mbunaítear rathúlacht ollscoile. Mar is cosúil gur chabhraigh na réimsí eile sin an ollscoil a shábháil ón titim níos measa a bheadh i ndán di, cheapfaí, mar thoradh ar thurnamh sna réimsí sin a bhfuil éifeacht ag ciorruithe orthu.

Cé gur minic a chuirtear iomarca béime ar rangú ollscoile — agus amhras ann faoina gcuid cruinnis, go háirithe maidir leis an éifeacht ar mhic léinn — is gá d’ollscoileanna go pointe glacadh leo. B’fhéidir go bhfuil fírinne ar leith ag baint leis na cáintí a fuair an Straitéis Chaidreamh Domhanda i dtús ach tharla go bhfuil rath cinnte uirthi ón taobh seo de, nuair a áirítear an tearcmhaoiniú atá á fhulaingt ag roinn an ardoideachais.

rangú rankings
ciorruithe cuts
díchreidimh scepticism
chun an dochar a íoslaghdú i bhfianaise chiorruithe ardoideachais in order to minimize the harm caused following cuts to higher education
tearcmhaoiniú underfunding
ar thús cadhnaíochta san idirnáisiúnú agus i nascacht mac léinn at the forefront of internationalisation and student connectivity
mhianach idirnáisiúnta international nature/quality
i gcodarsnacht le in contrast with
taighde research
cóimheas dámh idirnáisiúnta international faculty ratio
réamhghníomhach proactive
i ndán do in store for
turnamh decline
nuair a áirítear an tearcmhaoiniú atá á fhulaingt ag roinn an ardoideachais when the underfunding being suffered by the higher education sector is considered