Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 6, 2016

Nochtann an Cinneadh ar Tháillií Mac Léinn Fadhbanna Maidir le Rialachas ag Coláiste na Tríonóide Arís

Is í Coláiste na Tríonóide an ollscoil amháin in Éirinn nach bhfuil cathaoirleach neamhspleách aici, ceann de na cúiseanna leis an easaontas san ollscoil.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Is é an cinneadh atá déanta ag cuairteoirí na hollscoile – an bheirt bhreithimh atá ina mball den phainéal a théann i ngleic le hachomhairc in aghaigh socruithe comhlachtaí an Choláiste – a dheimhníonn gur rith Bord an Choláiste na táillí mic léinn conspóideacha go dlisteanach píosa nuachta a léiríonn arís na fadhbanna rialachais atá ag cur isteach ar Choláiste na Tríonóide.

Dealraíonn sé go bhfuil cinneadh na gCuairteoirí bunaithe ar a maíomh nach raibh aon “fianaise áititheach” nach raibh aon chomhdhearcadh ag an gcruinniú inar rith na táillí. Feicfear é sin go haisteach, gan amhras, do chách nach bhfuil eolach ar rialachas an Choláiste. Cén fáth go raibh sé de dhualgas ar na Cuairteoirí bheith ag lorg fianaise maidir le láithreacht chomhdhearcaidh? Nach raibh duine ar bith ag déanamh miontuairiscí? Nach raibh aon duine a chonaic gur chuir tromlach ball an Bhoird suas a lámha i bhfábhar na dtáillí mac léinn a bhí i gceist? Ceapfaí go bhfuil sé de nós ag an mBord a bhfuil 27 ball acu cinntí a dhéanamh agus iad ag cur suas a lámha, rud nach gcaithfeadh amú ach cúpla soicind. In áit é sin a dhéanamh, tá a cuma ar an scéal go bhfuil cinntí déanta de réir chomhdhearchaidh, agus nach mbíonn sé ach ar dhuine amháin, cathaoirleach an Bhoird, socrú maidir le láithreacht an chomhdhearcaidh sin.

Cé nach iontach an smaoineamh é go mbíonn sé ar chathaoirleach an Bhoird an cinneadh sin maidir leis an gcomhdhearcadh a dhéanamh, ar a laghad, is gá an fhreagracht sin a thabhairt do dhuine éigin, mar a leag síos Acht na hOllscoileanna. Áfach, in áit an ról sin a thabhairt do dhuine neamhspleách, tá an Propast ina chathaoirleach ar Bhord an Choláiste. Cé go gceadaíonn an tAcht an ról sin a thabhairt don Phropast, agus gur féidir go bhfuil uachtaráin na n-ollscoileanna eile mar chathaoirleacha ar bhoird a gcoláistí, is í Coláiste na Tríonóide an ollscoil amháin in Éirinn nach bhfuil cathaoirleach neamhspleách aici. Tá breitheamh scortha ina chathaoirleach ag údarás rialachais Ollscoil na Gaillimhe. Leoga tá iar-bhreitheamh na Cúirte Uachtaraigh mar chathaoirleach dOllscoil Luimnigh. Is é Dermot McAleese an cathaoirleach ar bhord DCU. Ina theannta sin, ní ligeann an cuid is mó de chomhlachtaí den mhéid chéanna ná Coláiste na Tríonóide dá bpríomh-oifigigh feidhmeannacha bheith mar chathaoirligh ar a mboird, mar ní cheaptar gur gné dea-rialachas corporáideach é sin.

ADVERTISEMENT

Maítear go bhfuil rianta easaontais atá le brath sa Choláiste cothaithe ag an ról sin atá ag an bPropast. Ní féidir a shéanadh go mbeadh roghnú cathoirligh neamhspleách do Bhord an Choláiste an-dearfach maidir le rialachas an Choláiste a fheabhsú.