News
Oct 28, 2016

Acmhainní Bhreise do Scoileanna Gaeltachta á Fhógairt ag an Rialtas

Beidh scoileanna sna ceantair Gaeltachta chun tairbhe a bhaint as acmhainní breise agus ról sa phróiseas pleanála, de réir polasaí nua an rialtais

Chris McMahonEAGARTHOIR NA GAEILGE

Cuirfear méid níos mó acmhainní ar fáil do scoileanna i gceantair Gaeltachta de réir polasaí nua a fhógraíodh inniu. Beidh €1 milliún ar fáil dona scoileanna sin sa bhliain 2017, agus tá an méid sin chun fás go €7 milliún sna blianta amach romhainn.

Cuirfidh an rialtas i bhfeidhm scéim nua chun aitheantas a thabhairt do scoileanna Gaeltachta agus acmhainní bhreise a thabhairt dó. Bhí an polasaí curtha in iúl ag an Taoiseach, Enda Kenny, chomh maith leis an tAire Oideachais agus Scileanna agus an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne ag seoladh inniu ag Scoil Mhic Dara sa Cheathrú Rua i gContae na Gaillimhe.

Aithneofar mar scoileanna Gaeltachta idir bunscoileanna is meánscoileanna a chuireann gach ábhar den churaclam trí mheán na Gaeilge. Chun dréacht a thabhairt do scoileanna é seo a dhéanamh, agus chun feabhas a chur ar oideachas trí mheán na Gaeilge, sholáthróidh an rialtas acmmhainní breise teagaisc dona scoileanna sin. In a theannta sin, cuirfear an rialtas i bhfeidhm próiseas ina bheidh scoileanna sna ceantair Gaeltachta in ann an stádas sin a iarraidh agus pacáistí d’acmhainní breise a fháil ar bhealach céimnithe ar feadh cúig bliain. Threisigh Bruton gurb é mar chuspóir ag an rialtas “go mbeidh scoileanna aitheanta Gaeltachta mar chéad rogha scolaíochta do thuismitheoirí na Gaeltachta”. Agus é ag déanamh cur síos ar an bpolasaí, bhí Kenny den tuairim go raibh an polasaí sin mar an “chéad straitéis chuimsitheach don oideachas sa Ghaeltacht ó bunaíodh an Stát”.

ADVERTISEMENT

Ag an seoladh, labhair Bruton faoi struchtúr an pholasaí agus a thnútháin rannpháirtíochta i dtreo na scéime: “Faoin bPolasaí, beidh an deis ag scoileanna sa Ghaeltacht, ó 2017 ar aghaidh, aitheantas a éileamh mar Scoileanna Gaeltachta de réir na gcritéar teangeolaíocha.” Lean sé amhlaidh ag an seoladhsa Cheathrú Rua inniu: “Tá súil agam go mbeidh spreagadh agus gríosadh le fáil ag scoileanna ón bpróiseas aitheantais, agus go meallfar scoileanna le bheith páirteach ann.”

Fógraíodh freisin go gcinnteoidh an polasaí nua seo ról scoileanna Gaeltachta sa phróiseas pleanála de réir Acht na Gaeltachta 2012. Ag an seoladh inniu, mhol Kyne an gné sin den pholasaí: “Léiríonn an riachtanas go mbeidh scoileanna Gaeltachta páirteach sa phróiseas pleanála teanga an tábhacht a bhaineann le scoileanna agus leis na pobail lena mbaineann siad a bheith ag obair go dlúth le chéile chun úsáid na Gaeilge a threisiú.”

Tá fáilte mhór tabhartha roimh an mbeartas seo ag an bpobal Gaelach. Bhí dearcadh dearfach ag Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, ar an bpolasaí: “Molann muid Polasaí Oideachas Gaeltachta an Rialtais go mór. Tá an polasaí cuimsitheach agus uaillmhianach.” Áfach, ní dócha go bhfuil rath neamhcháilithe ann, dar leis. “Tá cúpla ábhar ag seasamh amach go fóill, agus ní mór aghaidh a thabhairt orthu”, a threisíonn sé i bpreas-ráiteas, “mar shampla earcú múinteoirí sna scoileanna Gaeltachta ó phainéal sainiúil de dhaoine inniúil ar an nGaeilge”.

Tagann an méadú maoinithe sin tar éis tréimhse gantannais do phobal na Gaeltachta. Mar a chinntigh Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, “laghdaíodh buiséad na n-údarás Gaeilge agus na Gaeltachta ó €45 milliún in 2008 go €22 milliún in 2015.”

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.