Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 12, 2017

Beidh Tionchar ag an gCás Weinstein ar an Earnáil Triú Leibhéal in Éirinn

B’amaideach dúinn a rá go bhfuil an earnáil, ina bhfuil ceannas ag na fir den chuid is mó, imdhíonach go hiomlán ón gciapadh gnéasach.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Cuireadh ina leith roinnt mhaith fhir de bharr mí-úsáid cumhachta is daoine a chiapadh le linn an gcoicís seo a chuaigh thart agus léiríonn sé sin go dtarlaíonn a leithéid eachtra seo ró-mhinic sa sochaí. Ní bhaineann sé le Hollywood ar leith.

Tá líomhaintí suntasacha cosúil leis seo feicthe againn in Éirinn i gcoinne Michael Colgan, iar-stiúrthóir, Amharclann na Geata, Baile Átha Cliath (iar-chathaoirleach DU Players)

Bhí an argóint curtha i láthair ag daoine cheana féin. Ba chóir dúinn a chaomhnú go bhfuil an fadhb sin le fáil i beagnach gach áit. An bhfuil taithí ag do mháthair air? Seans go bhfuil. Ag do dheirfiúr? Cuid mhaith do do chairde? Téann an liosta ar aghaidh.

ADVERTISEMENT

Ba sheafóideach dúinn a smaoineamh chomh maith nach bhfuil baint ag an gceist seo leis an earnáil tríú leibhéal.

Bhuaigh an tOllamh, Micheline Sheehy Skeffington cás i gcoinne OÉ Gaillimh cúpla bhliain ó shin i 2015 sna cúirteanna. Catalaíoch ar son athraithe a bhí i gceist, cé go bhfuil an phróiseás seo sách mall go dtí seo. Ach, anois, i ndiaidh an chás Weinstein, caithfimid ceist thábhachtach a chur. An bhfuil scéalta níos dorcha ann scéalta atá ag lobhadh faoi bhun an dromchla?

Léiríonn leitheadúlacht an ghalair seo, i measc gach ghrúpa agus réimse sa sochaí go bhfuil rudaí fós faoi bhun an dromchla. Ach taispeánann na difríochtaí móra san earnail seo idir mná is fir- tá na fir i gceannas ar an earnáil seo den chuid is mo- ciallaíonn sé gan amhras nach mbeidh an earnáil seo imdhíonach in aon chor ón gceist seo.

Léiríonn an maidhm sléibhe i ndiaidh an chás Weinstein go mothaíonn níos mó daoine go bhfuil cumhacht agus údarás acu chun a gcuid scéalta a insint agus rudaí a rá fá dtaobh na fir seo a bhaineann mí-úsáid as a gcumhacht chun na coireanna uafásacha seo a dhéanamh. Cosúil leis na líomhaintí a bhí scaipthe trí Hollywood sna blianta atá thart roimh an chás nua seo, seans go mbeidh raflaí faoi fhir éigin san earnáil seo coitianta amach anseo.

Tá an rialtas ar tí coiste a chur ar bun chun an comhionannas inscne a iniúchadh san earnáil seo.Céim sa treo ceart atá ann chun an fadhb sin a mhionscrúdú ar an ndromchla agus is de bharr an fadhb sin a tharla an mí-úsáid cumhachta seo go forleathan. Ach, an mbeidh na líomhaintí seo ag teacht chun solais sna mblianta atá romhainn in Éirinn, feicfimid linn- nó an mbeidh na híobartaigh cróga seo chun a gcuid scéalta a insint.