Comment & Analysis
Eagarfhocal
Aug 19, 2019

Ba Léiriú Comhbhá do Mhic Léinn Leochaileacha iad Scrúduithe Speisialta. Tá Siad Imithe Anois

Agus iad ar thóir na héifeachtúlachta agus córas cuí, ta na mic léinn is leochaileacha fágtha chun deiridh ag an Tríonóid.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

I mbliana, don chéad uair riamh, ní bheidh mic léinn na Tríonóide ag déanamh scrúdaithe speisialta – ar a dtugtar “scrúdaithe forlíontacha breise” – i rith seachtaine tosaidh an chéid téarma.

Bhí an Coláiste sásta deireadh a chur le scrúdaithe forlíontacha de bharr neamhéifeachtúlachta. Ba é seo ceann de na hathruithe a cuireadh i bhfeidhm mar pháirt de Thionscadal Oideachais na Tríonóide (TEP). Cuireadh athruithe cuimsitheacha, agus go minic, conspóideach mar chuid den Tionscadail i bhfeidhm ar ghnéithe uile an curaclam fochéime. Ní chuireann aon institiúid tríú-léibhéal eile sa tír trí bhabhta scrúdaithe ar fáil. Níl áit do scrúdaithe a thosnaíonn le linn tús an chéid téarma acadúla i gcóras dírithe ar seimeastrú ionchuimseathach agus seo an dearcadh atá i gcroílár TEP.

Níl meas madra ag Coláiste na Tríonoide, áfach, ar na scoláirí is leochalaí agus é ar thóir córas acadúla mín agus éifeachtacht aon-aigneach.

ADVERTISEMENT

Faoin dtráth seo, tá na mílte scéalta cloistithe ag geall le gach scoláire mar gheall ar dhroch-bhainistíocht an Chóláiste, agus é ag stiúradh beathaí scoláirí. De bharr imeachtaí ar nós anachain an seomra cótaí i rith scrúdaithe an seimeastair seo caite agus botúin na Clárlainne Acadúla, rud a chur bac le clarúcáin mic léinn, aontódh morán scoláirí nach í aire thréadach láidreacht an Choláiste.

Sin an chúis go raibh na scrúdaithe forlíontacha breise chomh suaithinseach- ba shiombail chomhbhá iad in ollscoil nach raibh cáil uirthi as a teagmháil ionbháúil le scolárí a bhí i gcruachás.

Tá sé ró-éasca ar fad, go háirithe i modh teibí, dearmud a dhéanamh ar an tabhacht a bhaineann le scrúdaithe a chur ar fáil doibh siúd nach bhfuil in ann na scrúdaithe forlíontacha a dhéanamh – i ndeireadh an lae, ceapfá go mbeadh go leor i gceist le trí sheisiún ar leith.

Ach ba aitheantas iad na scrúdaithe forlíontacha breise nach dtarlaíonn tragóid nó breoiteacht ag uaireanta áisúla nó i slí rialaithe, agus is cinnte nach dtarlaíonn siad i mbealach atá oiriúnach do thréimhsí scrúdaithe.

Ba mhinic gur bhain mic léinn a bhí in umar na haimiléise ó thaobh sláinte nó cuinsí pearsanta de, usáid as na scrúdaithe speisialta. Cinnte tá sé furasta a argóint gur ceart do na scóláirí seo bliain saor ón staidéar a roghnú, nó an bhliain a athdhéanamh, ach ta mórán scoláirí daingean díobháilte ar dul ar aghaidh lena gcomhscóláirí agus anois níl an deis inmholta sin ar fáil in aon chor.

Is mór an trua go gcaillfear an-chuid scólairí i mbliana mar thoradh ar seo.