Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 16, 2019

Díol Súntais é Líon na n-Ionadaithe Ranga – Measfar Fadhbanna ag Comhairle

Tá ionadaithe ranga riachtanach chun aontas éifeachtach a chruthú.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Ó thaobh tinrimh de, ba mhinic a bhí comhairle Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide (TCDSU) ina údar díomá anuraidh. D’fhág ionadaithe ranga cráite cruinnithe fada sular chríochnaigh siad, nó níor fhreastal siad orthu ar chor ar bith.

Tá trian d’ionadaithe ag teastáil chun córam a bhaint amach – ní céatadán dódhéanta é seo – mar sin léirigh an t-eapsa leanúnach tinrimh gur theip ar an aontas ionadaithe a spreagadh ar bhealach suntasach.

Is cuid ríthabhachtach den aontas iad ionadaithe ranga: tá smacht acu ar pholasaí Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide agus coinníonn siad srian ar na hoifigigh shabóideacha. I measc mic léinn atá go minic bréan den aontas, tá ionadaithe ranga – ar a laghad go teoiriciúil – nasc ríchumhachtach chun an dá snaidhm seo a cheangailt.

ADVERTISEMENT

Tá ciall leis, ansin, go ndearna cathaoirleach na comhairle agus oifigigh shabóideacha an aontais tréaniarracht níos mó ionadaithe ranga a mhealladh i mbliana.

Mhol an t-aontas do mhic léinn iad féin a ainmniú ag lá oscailte Clár Oideachas na Tríonóide (TAP) agus ag an seisiún treorach DARE. I rith sheachtain na bhfreisir, rinne oibreoirí deonacha agus oifigigh iarracht chun mic léinn a spreagadh chun iad féin a ainmniú mar ionadaithe ranga, agus – rud tábhachtach – d’ofráil siad Pringles dóibh siúd a chuir a n-ainmneacha síos.

Ar ámharaí an tsaoil, bhí rath ar chur chuige nuálach an aontais chun ionadaithe ranga a mhealladh cheana féin: bhí an líon is airde ainmniúcháin acu i mbliana.

Cé gur dea-chomhartha é an t-ardú in ainmniúcháin, ní féidir rath an aontais a dheimhniú go fóill: is deacair cúiseanna na n-ionadaithe ranga chun bheith rannpháirteach i bpolaitíocht na mac léinn a mheas go dtí seo.

Ag deireadh na dála, ní leasóidh níos mó ainmniúchán na fadhbanna atá fréamhaithe go daingean i measc na mac léinn i gcoitinne. Ní chuirfidh sé deireadh leis an smaoineamh gur dream dúnta é an t-aontas, agus ní stopfaidh sé an t-uafás a líonann mic léinn agus iad ag smaoineamh faoi cruinnithe fadálacha na comhairle. Ní mór do TCDSU na fadhbanna seo a réiteach chun aontas éifeachtach a chruthú.

Is féidir líon na gcathaoireacha folmha ag an gcéad chomhairle eile a úsáid chun an tsuim nua i bpolaitíocht na mac léinn – nó an tsuim i bPringles – a mheas.