Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 9, 2019

Tuilleadh Fianaise a Léiríonn Forás na Tríonóide ó Thaobh Aithint Inscne de

Tá cultúr uileghabhálach iomráiteach ag an gColáiste.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

An tseachtain seo léiríodh sampla eile de dhíograis inmholta na Tríonóide chun timpeallacht chomh huileghabhálach agus cuidiúil agus is féidir a chruthú.

Agus an Stiúrthóir Éagsúlachta agus Cuimsiú na Tríonóide, Tony McMahon, ag labhairt faoin nuacht go mbeidh deis ag mic léinn forainmneacha neodracha i gcuntais oifigiúla an Choláiste a úsáid, dúirt sé go gcuirfeadh sé an Tríonóid “chun cinn ar an gcuar”. Agus tá an ceart aige – níl an rogha seo ann in aon institiúid tríú-leibhéal eile trasna na tíre.

Ar nuacht RTÉ, rinne mic léinn cur síos ar chinneadh a mbeidh dea-tionchar aige ar a gcuid ama sa Choláiste, i ndiaidh athbhreithniú tuisceanach ar pholasaí aitheantas inscne na Tríonóide.

ADVERTISEMENT

Ach is beag an t-iontas go bhfuil an Tríonóid chun tosaigh i leith na faidhbe seo – tá an Coláiste chun cinn ar an gconairt ó thaobh a pholasaithe aitheantas inscne le tamall fada.

Bíonn rath níos fearr ag roinnt iarrachtaí a dhéanann an Tríonóid chun a bheith níos uileghabhálaí ná iarrachtaí eile (bhí conspóid ag baint leis an gcinneadh chun leithris inscne-neodracha a thógáil, ach cinneadh níos ciallmhaire a bhí ann ná an t-athrú ó freshman go fresh). Bhí na blianta deireanacha lomlán le fianaise a léiríonn go bhfuil an Tríonóide in ann riar ar riachtanais an phobail LADT pé scéal é.

Tá coinníollacha forbartha ag mic léinn a cruthaigh campas forásach, a ghlacann le daoine beag beann ar inscne nó gnéasacht. Chun gceart a thabhairt dóibh, d’fhreagair oifigigh an Choláiste le hathruithe suntasacha i bpolasaithe a chruthaíonn Tríonóid níos fulangaí ón mbarr anuas.

Maraon leis an gcuid is mó d’institiúidí tríú-leibhéal na hÉireann, tá fir mheánaosta bána i gceannas ar an Tríonóid. Léiríonn an fhorbairt seo gur féidir cultúr caoinfulaingthe a mhúnlú, agus gur féidir an cultúr seo a fheiceáil ag leibhéal reachtaíochta.

B’fhiú do choláistí agus ollscoileanna eile aird a thabhairt ar an leibhéal tuisceana agus gníomhachas atá léirithe ag an Tríonóid. Tá deireadh ag teacht le na laehanta nuair nach raibh ach dordfhocail i bhfocail cosúil le “cuimsiú” agus “éagsúlacht” in ábhair bolscaireachta do choláistí.

Bí ag súil leis go leanfaidh institiúidí eile on sampla atá leagtha ag an Tríonóid agus iad ag glacadh leis an bhfírinne nua.