Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 22, 2019

Ceapann Fiú an Propast gur Droch-Mholadh é Líon na Mac Léinn a Laghdú. Ach is Anseo atá An Díospóireacht Anois

Taispeánann moladh an Propaist faoi líon na ndáltaí lena ghlacann an Coláiste a laghdú cé chomh dona is atá staid an ardoideachais faoi láthair.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Beagnach bliain beacht ó scríobh an Bord Eagarthóireachta seo nach rud as an ghnáth a thuilleadh é bheith ag “insint do mhadraí an bhaile” faoin meath sa tríú-leibhéal – rud a bheadh díobhálach ó thaobh cáile de don earnáil uair amháin– fiú nuair a bhí geallshealbhóirí ag troid i gcoinne an laghdú cáile.

Ansin, bhí an cuma ar an scéal go raibh cursaí chomh holc is go bhféadfaidís a bheith ó thaobh foláirimh ó dhaoine rí-tábhachtach san ardoideachas de – rinne Jim Miley, stiúrthóir Comhlachas na n-Ollscoileanna Éireannacha, comparáid leis na ardaithe beaga maoinithe le hais “bindealán a chur ar rud atá mar chneá oscailte anois”.

Ach léim ar aghaidh bliana agus tá an scéal chomh dona go bhfuil Propast Prendergast ag tabhairt rabhadh soiléir go bhfuil seans go mbeidh ar an gColáiste líon na mac léinn a laghdú chun clú na Tríonóide a shábháil agus chun troda in aghaidh a thuilleadh titim sa chéimiú.

ADVERTISEMENT

Roimhe seo, níor theastaigh ó cheannairí ardoideachais labhairt faoin meath cáile ar eagla go dtógfadh an domhan déine na fadhbe faoi dearadh. Anois, tá an díobháil déanta. Tá sé ar fad ina phraiseach agus tá an ollscoil is ardchéimiúla ag tabhairt foláiremh don phobal nach féidir leis glacadh leo fhad is go dtiteann an maoiniú in aghaidh gach dalta.

Tá sé díobhálach go bhfuil sé seo fiú mar ábhar cainte – dúirt Prendergast é fhéin go mbeadh sé “úafásach” líon na mac léinn a laghdú. Chomh maith le sin, is é seo an comhartha is soiléire go dtí seo go bhfuil athrú tar éis teacht ar théarmaí na díospóireachta faoin ardoideachas, agus is athrú é seo i dtreo atá dainséarach do thodhchaí na hÉireann mar eacnamaíocht eolais.

Níl aon bhaint ag díospóireacht oideolaíóchta le seo. Cinnte, is ceart go mbeadh Éire ag iarraidh a roghanna oideachasúla a éagsúlú ó rás chuig na hollscoile, ach tá an seift seo bunaithe ar an ábhar nach bhfuil sé ar chumas achmhainne an Choláiste go leor d’fhoireann acadúil a fhostú chun an cóimheas foirne–mac léinn a ísliú.

Agus cé go bhfuil an cuma air faoi láthair go bhfuil an smaoineamh seo teibí – níl éinne cinnte conas mar a oibreoidh sé, nó an ligfidh an rialtas dó tarlú – tá seans ann go leanfadh ollscoileanna eile Prendergast muna ardaíonn maoiniú. Sa chás seo, d’fhéadfadh go mbeadh daltaí na hardteiste coinnithe amach go hiomlán ón ardoideachas.

Agus chuirfeadh sé sin daoine óga na hÉireann faoi bhagairt an-réalaíoch – nó i bhfocail eile, chuirfeadh sé todhchaí na hÉireann faoi bhagairt ollmhór.