Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 21, 2019

Cén Fáth ar Seachnaíodh Bord Faoi Cheist Phráinneach Dá Thodhchaí?

Léiríonn freagra na Tríonóide ag an nóiméad deiridh easpa measa ar na hiarmhairtí tábhachtacha a bhaineann le na hathruithe beartaithe.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

An tseachtain seo caite, thuairiscigh an nuachtán seo gur chuir an Coláiste moladh ó thaobh athruithe tábhachtacha ollscoile faoi bhráid an rialtais gan aon chead ó Bhord, an foras uachtar i gColáiste na Tríonóide.

Bhí baol de shárú an rialtais ar ollscoileanna na hÉireann ar earnáil an ardoideachais ann ar feadh na mblianta, agus léiríonn na moltaí ata beartaithe don Acht um Údarás Ardoideachais go bhfuil athrú ag teacht i struchtúir rialaithe an Choláiste.

Ag an am céanna, thug an Roinn Oideachais deis labhartha d’ollscoileanna, le próiséas comhairliúcháin acu ar na hathruithe atá beartaithe. Níor tháinig freagra na Tríonóide go dtí an nóiméad deiridh: níor sheoladh é go dtí an spriocdháta ar 30ú de mhí Mhéan Fómhair, cé gur thosaigh an próiseas comhairliúcháin i Mí an Mheithimh.

ADVERTISEMENT

Agus, cé go mbeadh iarmhairtí tromchúiseacha i gceist le na hathruithe do riarachán an Choláiste, níor lorgaíodh tuairim ó bhaill den Bhord.

Is díol suntais mídhaonlathach é chun moladh a chur isteach ag an nóiméad deiridh ar son an Choláiste ar fad. Tagann sé iomlán salach ar aidhm an Bhoird, chun cinntí cinniúnacha a dhéanamh ar son an Choláiste – agus, mar a luaigh Comhalta, chun bac a chur ar an bPropast Patrick Prendergast chun smacht absalóideach a ghlacadh.

Baineann an gníomh seo ó údarás an fhorais – foras a deir roinnt baill go bhfuil sé lag ó thaobh na maoirseachta de.

Is cuid de shraith fhada de mholtaí é an freagra seo a dhéanann an Coláiste gach bliain. Ach ní féidir neamhaird a dhéanamh ar na hathruithe seo – a léiríonn athrú suntasach sa réimeas is ceannasaí sa Choláiste – a bhagraíonn neamhspléachas. Ní léiríonn an freagra seo gur fhadhb thromchúiseach é.

Sna blianta amach romhainn, is cinnte go mbeidh athruithe tábhachtacha i riarachán Choláiste na Tríonóide. Ach beidh le feiceáil má tá na hathruithe seo in ann na fadhbanna a leasú. Ach, in ainneoin an cháinte ata tuillte ag an mBord, ba chóir go dtagann athrú ó phróis chuí, agus tríd struchtúir riartha atá ann – faoi láthair ar a laghad.